English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Faisnéis Airgeadais na Roinne Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Meitheamh 2019
  • An t-eolas is déanaí: 9 Meán Fómhair 2020


An Ceanglas Íocaíochta 15 Lá

Thug an rialtas ceanglas neamhreachtúil isteach i mí an Mheithimh 2009 an tréimhse íocaíochta atá ag ranna rialtais láir chun a gcuid soláthraithe a íoc a laghdú, síos go dtí 15 lá ó 30 lá. Táthar ag déanamh gach iarracht, i gcomhréir le nósanna imeachta airgeadais cearta, lena chinntiú go n-íoctar gach soláthróir laistigh den chreat ama sin.

Sna cáipéisí thíos, léirítear feidhmíocht na roinne maidir leis an gceanglas íocaíochta 15 lá ón tráth ar tugadh isteach é.


Nósanna Imeachta maidir le hÍocaíochtaí Prasa

Tá an roinn seo tiomanta go ndéanfar gach uile iarracht a chun a soláthraithe a íoc go pras. Chuige sin, is féidir le soláthraithe cabhrú linn ach a bheith cinnte faoi go soláthraíonn siad na sonraisc dúinn i gceart, chomh maith le sonraí cruinne cuntas bainc agus deimhin a dhéanamh de, leis, go bhfuil a stádas Imréitigh Cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim cothrom le dáta.


Íocaíochtaí

Mar a cheanglaítear faoin bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, 2011, déanann an Roinn Sláinte Orduithe Ceannaigh ar €20,000 nó níos mó a fhoilsiú ar líne.

[external-link https://www.audit.gov.ie/en/ Ráitis Airgeadais |


Tuilleadh Eolais