Ráiteas Straitéise 2016 - 2019 na Roinne Sláinte
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2021
De réir fhorálacha an Achta um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí, 1997, d’fhoilsigh an Roinn Sláinte Ráiteas Straitéise nua don tréimhse 2016-2019, agus misean, cuspóirí straitéiseacha agus gníomhartha tosaíochta na roinne don tréimhse 3 bliana a bhí le teacht an tráth úd leagtha amach ann.
Tá na tiomantais ábhartha atá sa Chlár nua do Rialtas Comhpháirtíochta (go háirithe i gcaibidlí 5, 6 agus 7 de) agus sa phróiseas athchóirithe leanúnach le brath sa straitéis nua.
Is é ról na roinne an cheannaireacht straitéiseach a sholáthar don tseirbhís sláinte agus a chinntiú go n-aistrítear beartais an rialtais ina ngníomhartha agus go gcuirtear i bhfeidhm go héifeachtach iad. Tacaíonn an roinn leis an Aire agus leis na hAirí Stáit agus iad ag cur beartas an rialtais i bhfeidhm agus ag comhlíonadh a gcuid dualgas rialtais, parlaiminte agus roinne.
Áirítear leis an méid sin:
- treoir maidir leis an gceannaireacht agus an beartas don earnáil sláinte chun torthaí sláinte a fheabhsú
- an rialachas agus an mhaoirseacht feidhmíochta chun deimhniú seirbhísí cuntasacha agus ardchaighdeáin
- comhoibriú chun tosaíochtaí sláinte a bhaint amach agus chun cur le cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha níos leithnei gcoitinne
- timpeallacht eagrúcháin ina mbaintear ardfheidhmíocht amach, ar bhonn leanúnach, a n-aithnítear an luach sa chomhoibriú agus ina ndéantar eolas agus scileanna na foirne a fhorbairt
Tá na 5 chuspóir straitéiseacha a thuairiscítear sa Ráiteas Straitéise liostaithe ag seo thíos. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil na cuspóirí seo gaolmhar agus idirspleách go pointe áirithe.
Is iad na 5 chuspóir straitéiseacha ná:
- tacú le daoine saol sláintiúil agus neamhspleách a bheith acu
- an seachadadh sláinte agus cúraim shóisialta ar ardchaighdeán agus sábháilte a chinntiú
- seirbhís sláinte agus cúraim shóisialta a chur i mbun feidhme atá níos freagraí, níos comhtháite agus níos dírithe ar an duine
- bainistíocht éifeachtach agus éifeachtúil na seirbhísí sláinte a chur chun cinn
- roinn ardfheidhmíochta a fhorbairt chun treoir a thabhairt don earnáil sláinte agus d’earnáil an chúraim shóisialta, maoirseacht a dhéanamh orthu
Féach Ráitis Straitéise ar cuireadh amach iad roimhe seo ón Roinn Sláinte.