English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Ráiteas Straitéise na Roinne Sláinte 2021-2023

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 8 Meitheamh 2021

I gcomhréir le forálacha an Achta um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí, 1997, d'fhoilsigh an Roinn a Ráiteas Straitéise nua don tréimhse 2021-2023. Leagtar amach ann fís, misean agus tosaíochtaí straitéiseacha na Roinne don chéad tréimhse 3 bliana eile.

Tá an Ráiteas Straitéise ag teacht le fís agus spriocanna na straitéise Sláintecare agus leagtar amach ann fís, misean agus feidhmeanna na Roinne. Is é fís na Roinne go mbeidh Éire ina tír níos sláintiúla ina bhfuil sláinte agus folláine níos fearr ag gach uile dhuine agus an cúram ceart a sholáthar san áit cheart ag an am ceart.

Ráiteas Straitéise na Roinne Sláinte 2021-2023
Amharc amharc

Is é misean na Roinne Sláinte feabhas a chur ar shláinte agus folláine mhuintir na hÉireann ach:

  • Tacú le daoine maireachtáil go sláinte agus go neamhspleách
  • A chinntiú go soláthraítear sláinte agus cúram sóisialta ardchaighdeáin agus sábháilte
  • Seirbhís sláinte agus cúraim shóisialta duinelárnach atá níos freagrúla agus níos comhtháite a chruthú
  • Bainistíocht éifeachtach agus éifeachtúil na seirbhísí sláinte agus cúraim sláinte a chur chun cinn agus an luach is fearr ar acmhainní an chórais sláinte a chinntiú

Freastalaíonn an Roinn ar an bpobal agus tacaíonn sí leis an Roinn Sláinte, Airí Stáit agus an Rialtas ach:

  • Ceannaireacht agus treoir bheartais a chur ar fáil don earnáil sláinte chun feabhas a chur ar thorthaí sláinte
  • Tabhairt faoi rialachas agus maoirseacht feidhmíochta chun a chinntiú go mbítear cuntasach agus go mbíonn seirbhísí ardchaighdeáin ann
  • Comhoibriú a dhéanamh chun tosaíochtaí sláinte a bhaint amach agus cur le haidhmeanna níos leithne sóisialta agus eacnamaíochta
  • Timpeallacht eagraíochta a chruthú ina mbaintear ardfheidhmíocht amach, ina bhfuil meas ar obair chomhoibríoch agus ina bhforbraítear saineolas agus scileanna na foirne; agus cuireadh

Tá na 5 thosaíocht straitéiseacha a ndéantar cur síos orthu sa Ráiteas Straitéise liostaithe thíos. Forbraíodh na tosaíochtaí straitéiseacha i ndiaidh comhairliúchán forleathan leis an bpobal, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne, Foireann na Roinne Sláinte, agus ranna rialtais eile. Tá na tosaíochtaí ag teacht leis an bhfís agus na bunphrionsabail atá ag Sláintecare agus is léiriú iad ar thosaíochtaí an Aire agus ar na gealltanais ábhartha sa Chlár Rialtais.

5 Tosaíochtaí Straitéiseacha:

  • COVID-19 a bhainistiú agus sláinte phoiblí a chur chun cinn
  • Cúram sa phobal a mhéadú agus a chomhtháthú
  • Rochtain ar chúram sláinte a dhéanamh níos cothroime agus níos tapa
  • Feabhas a dhéanamh ar mhaoirseacht agus comhpháirtíocht san earnáil
  • A bheith ina heagraíocht atá réidh don todhchaí

Príomhdhoiciméid a thug Ráiteas Straitéise 2021-2023 don Roinn Sláinte

Seo thíos liosta neamh-uileghabhálach doiciméad a chuir bonn eolais faoi fhorbairt Ráiteas Straitéise 2021-2023, nó a ndearnadh tagairt dó.

Key documents that informed the Department of Health Statement of Strategy 2021-2023
Amharc amharc