Ráiteas Straitéise na Roinne Sláinte 2023-2025
- Foilsithe: 20 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 29 Samhain 2024
Tacóidh Ráiteas Straitéise na Roinne Sláinte 2023-2025 leis an Roinn a Fís d'Éirinn níos sláintiúla a bhaint amach, le sláinte agus folláine níos fearr do chách, agus leis an gcúram ceart curtha ar fáil san áit cheart, ag an am ceart.
Lorgaíodh agus fuarthas ábhar ó ghníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne agus ó Ranna Rialtais eile, chomh maith le hionchur inmheánach trí chomhairliúchán ar fud na Roinne Sláinte.
Treoróidh an Ráiteas Straitéise seo obair na Roinne trí chúig thosaíocht uileghabhálacha:
1. Ullmhacht Paindéimeach agus Cur Chun Cinn na Sláinte Poiblí
2. Cúram sa phobal a leathnú agus a chomhtháthú
3. Rochtain ar chúram sláinte a dhéanamh níos cothroime agus níos tapúla
4. Maoirseacht agus comhpháirtíocht san earnáil a fheabhsú
5. Bheith mar eagraíocht atá oiriúnach don todhchaí