Rannán an Chúraim Phríomhúil
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Meán Fómhair 2020
Tá Rannán an Chúraim Phríomhúil freagrach as cur i bhfeidhm an bheartais i a bhaineann le forbairt agus maoirsiú an chúram phríomhúil, lena n-áirítear an cúram comhtháite ildisciplíneach atá curtha ar fáil ag Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus soláthraithe ar conradh.
I measc na bpríomhsheirbhísí atá faoina sainchúram, tá na seirbhísí a sholáthraítear go díreach nó faoi chonradh i leith seirbhísí míochaine ginearálta, seirbhísí cógaisíochta pobail, seirbhísí cúraim sláinte béil agus optúil, chomh maith leis na seirbhísí atá curtha ar fáil ag raon de ghairmithe sláinte pobalbhunaithe eile.
Tá an Rannán an Chúraim Phríomhúil freagrach as bainistíocht agus forbairt an chreata reachtúil maidir leis an incháilitheacht i ndáil le sheirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta freisin, lena n-áirítear:
- scéimeanna cárta leighis agus cárta cuairte dochtúra
- socruithe cháilitheachta idirnáisiúnta agus trasteorann
- an beartas maidir leis na socruithe praghsála agus aisíocaíochta le haghaidh earraí cógais leighis, agus táirgí cógaisíochta
- a chinntiú go bhfuil forálacha reachtúla iomchuí curtha i bhfeidhm chun drugaí agus substaintí réamhtheachtaithe a rialú de réir an bheartais náisiúnta agus na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta
- a chinntiú go ndéantar táirgí cógaisíochta, seirbhísí cógaisíochta agus gairis leighis a rialáil ar an mbealach cuí