Sonraí Pearsanta a Chosaint sa Roinn Sláinte
- Foilsithe: 5 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Bealtaine 2025
Sonraí Pearsanta a Chosaint
Tugtar faisnéis a bhaineann le gach custaiméir de chuid na Roinne i mBeartas Príobháideachta na Roinne Sláinte.
Iarraidh ar Rochtain Maidir le hÁbhar Sonraí (SAR)
Tá sé de cheart ag daoine aonair faoin RGCS rochtain a fháil ar chóip dá gcuid faisnéise féin. Chun cóip a fháil de do shonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an Roinn Sláinte, déan teagmháil linn le do thoil ag dpo@health.gov.ie. Cuirfear an t-eolas a iarrtar ar fáil laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaigheann an Roinn an t-iarratas. Má theastaíonn tuilleadh sonraí aitheantais nó comhthéacs breise chun a fháil amach cén áit ar féidir taifid a choinneáil, rachaidh an tAonad um Chosaint Sonraí i dteagmháil leat chun é sin a dheimhniú. Tá líon beag cúinsí ann ina bhféadfaí teorainn a chur leis an gceart rochtana ar shonraí pearsanta.
D’fhéadfadh an Fhoirm Iarratais ar Rochtana Ábhar thíos cabhrú le d’iarratas.
Eolas Leighis & Sonraí Othar
Chun rochtain a fháil ar do thaifid sláinte nó leighis, déan teagmháil leis an eagraíocht ábhartha nó le do sholáthraí cúraim sláinte, e.g. FSS, ionad leighis, ospidéal, clinic dochtúirí teaghlaigh.
Iarratais Eile
• SF – Más mian leat iarratas um Shaoráil Faisnéise a chur isteach ar thaifid a d'fhéadfadh a bheith i seilbh na Roinne Sláinte, seol iarratas chuig foi@health.gov.ie
• Rochtain ar Thaifid a Bhaineann le hInstitiúidí (AIRR) - Chun iarratas a dhéanamh ar rochtain ar thaifid cúram leanaí stairiúil agus cúram institiúideach, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig rmunit@health.gov.ie . Seans go mbeidh an suíomh gréasáin birthinfo.ie in ann cabhrú leat a thuilleadh.