Cuardaigh ar fad gov.ie

An Coiste Comhairleach Náisiúnta um an Scagadh (NSAC)

Is coiste comhairleach neamhspleách é an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh (NSAC) a chuireann comhairle ar an Aire agus ar an Roinn Sláinte maidir le gach togra nua le haghaidh cláir scagthástála daonrabhunaithe agus maidir le hathbhreithnithe ar chláir atá ann cheana. Tá ról straitéiseach suntasach ag an gCoiste i bhforbairt agus i mbreithniú clár scagthástála daonrabhunaithe in Éirinn.

Tá roinnt clár scagthástála daonra-bhunaithe ag Éirinn. Déanann an tSeirbhís Náisiúnta um Scagadh (NSS) i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte scagadh le haghaidh ailse chíche, ailse cheirbheacs agus ailse putóige agus le haghaidh reitineapaite dhiaibéitis. Áirítear i gClár Náisiúnta um Óige Sláintiúil an FSS an Clár Náisiúnta Scagthástála ar Fhuilspotaí Leanaí Nuabheirthe (NNBSP) agus an Clár Náisiúnta Scagthástála ar Éisteacht Leanaí Nuabheirthe (NNHSP).

Is é is cuspóir do na cláir scagthástála sin galracht agus mortlaíocht a laghdú trí ghalair a bhrath agus a chóireáil go luath.

Níl aon ról oibríochtúil ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh i reáchtáil laethúil aon chláir scagthástála. Is ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) atá an fhreagracht i gcónaí.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat