English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

100 Leanbh "Saor ó Thobac" ar an Lá Domhanda gan Tobac

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 29 Bealtaine 2020

Agus an Lá Domhanda gan Tobac i 2020 ag teannadh linn, tá an tionscnamh "Ag Tacú le Mná atá ag Iompar Clainne Éirí as Tobac agus gan Tobac a Chaitheamh Arís" tar éis a 100 atreorú a fháil ó seoladh an clár cúraim chomhtháite trí mhí ó shin. Faigheann an clár tacaíocht ó Sláintecare.

Tá mná atá ag súil le leanaí ag moladh an chláir "Ag Tacú le Mná atá ag Iompar Clainne Éirí as Tobac agus gan Tobac a Chaitheamh Arís" as an rath a bhí aige agus mar léiriú ar aidhm Sláintecare chun an cúram ceart a sholáthar san áit cheart ag an am ceart.

Tá Laura Keeley, bean 34 bliain d'aois as Cluain Meala, Contae Thiobraid Árann, ag súil lena céad leanbh i Meán Fómhair. Cuireadh Laura ar aghaidh chuig an tseirbhís ag a bean chabhrach agus deir Laura faoin tseirbhís:

"Ní raibh mé cinnte céard a bhí i ndán dom, ach is timpeallacht chairdiúil álainn í agus mholfainn an tseirbhís d'aon duine atá ag smaoineamh ar éirí as tobac".

Sula ndeachaigh sí leis an gclár, bhí Laura ag caitheamh tobac ar feadh os cionn 10 mbliana agus chuir sí a hainm síos don chlár i Márta.

A bhuí leis an teagmháil dhian duine le duine a chuirtear ar fáil do rannpháirtithe an chláir, agus leis an tacaíocht ar fad a chuireann mná cabhrach, dochtúirí ginearálta, soláthraithe cúraim sláinte eile agus teaghlaigh na rannpháirtithe ar fáil, bíonn ráta rathúlachta an chláir thart ar 50% i ndiaidh ceithre seachtaine. Tá sé sin os cionn an mheáin náisiúnta agus rinneadh é a dheimhniú le tástálacha Aonocsaíd Charbóin ar na rannpháirtithe. Is é an timpeallacht sa bhaile an fachtóir is mó a bhfuil tionchar aige ar an dóchúlacht go gcaithfidh daoine tobac nuair atá siad níos sine. Mar sin, tá na teaghlaigh atá ag glacadh páirt sa chlár ag tabhairt an tús is fearr is féidir dá leanaí, anuas ar na tairbhí eile a bhaineann le toircheas agus baile saor ó thobac.

Feidhmíonn an clár "Ag Tacú le Mná atá ag Iompar Clainne Éirí as Tobac agus gan Tobac a Chaitheamh Arís" mar thacaíocht thiomnaithe do mhná atá ag iompar clainne agus dá dteaghlaigh. Cuireann ceithre ospidéal máithreachais agus suíomhanna cúraim phríomhúil agus seirbhísí pobail san Oirdheisceart (Ceatharlach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann Theas, Port Láirge agus Loch Garman) mná ar aghaidh chuig an tseirbhís.

Déanann Kate Cassidy, oifigeach Sláinte agus Folláine le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte/seirbhísí Cúraim Sláinte Pobail an Oirdheiscirt, cur síos ar aidhm an chláir arna mhaoiniú ag Sláintecare agus atá ar fáil ar bhonn píolótach san Oirdheisceart:

"Is é an rud is fearr a d'fhéadfá a dhéanamh duit féin agus do do leanbh ná éirí as caitheamh tobac. Tuigimid dár ndóigh go mbíonn sé an-deacair. Ach tuigimid go mbíonn máithreacha ag iarraidh an tús is fearr is féidir a thabhair dá leanaí. Tá sé ceithre huaire níos dóchúla go stopfaidh rannpháirtithe ag caitheamh tobac nuair a úsáideann siad ár tseirbhís dhian 1:1 éirí as tobac nó tacaíocht teileafóin."

Éiríonn le beagnach leath de na mná atá ag iompar clainne a shocraíonn dáta le héirí as tobac lena seirbhís éirí as tobac. Is cuma cé chomh fada is atá tú ag iompar clainne anois, níl sé ró-dhéanach éirí as caitheamh tobac.

Gheobhaidh tú agus do pháirtí nó daoine eile i do theaghlach ar mian leo éirí as tobac, nó ar mian leo tacaíocht a thabhairt duit éirí as tobac, an tacaíocht thuisceanach atá ag teastáil. Iarr ar do bhean chabhrach, dochtúir ginearálta, soláthróir cúraim sláinte nó altra cleachtaidh thú a chur ar aghaidh chuig an tseirbhís "Ag Tacú le Mná atá ag Iompar Clainne Éirí as Tobac agus gan Tobac a Chaitheamh Arís".

Ina dhiaidh sin, labhróidh oifigeach Scor ón gCaitheamh leat faoi do ghnásanna caitheamh tobac agus cabhrófar leat plean a chur le chéile chun éirí as tobac. Cothóidh siad do mhuinín agus tabharfaidh siad spreagadh duit éirí as tobac. Do phlean a bheidh ann. Cabhróidh sé leat scileanna cóipeála a thógáil agus rioscaí a sheachaint. Nuair a éiríonn tú as tobac, bainfidh tusa agus do leanbh tairbhe as sin ar an bpointe. Fágfaidh aonocsaíd charbóin agus ceimicí eile do chorp go tapa. Fágann sé sin go mbeidh níos mó ocsaigin i d'fhuil, agus beidh tusa agus do leanbh níos fearr as dá bharr.

Tá an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce do mhná atá ag iompar clainne ar fud an Oirdheisceart, chomh maith le mná a rugadh leanaí dóibh nó mná a bhfuil sé de rún acu éirí torrach, dá bpáirtithe/céilí agus daoine eile ina dteaghlaigh ar mian leo éirí as tobac. Tá clinicí ar fáil i gCarraig na Siúire (Ionad Cúraim Phríomhúil, Pill Road), Port Láirge (Ionad Cúraim Phríomhúil, Cnoc Eoin) agus Loch Garman (Ionad Cúraim Phríomhúil, Bóthar Uí Ghruagáin). Tá clinicí ar fáil i gCeatharlach agus Cill Chainnigh ach coinne a dhéanamh.

Chun níos mó a fháil amach faoi éirí as tobac, tabhair cuairt ar www.quit.ie nó cuir glaoch (Saorfhón) ar 1800 201 203

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le "Ag Tacú le Mná atá ag Iompar Clainne Éirí as Tobac agus gan Tobac a Chaitheamh Arís", téigh i dteagmháil le:

David Phelan, Oifigeach Scor ón gCaitheamh, Cur Chun Cinn na Sláinte, St Catherine’s Hall,

Cois Abhann, Port Láirge. Ríomhphost: David.phelan1@hse.ie Fón Póca: 0871098689

Kate Cassidy, Oifigeach Sinsearach um Chur Chun Cinn na Sláinte, Sláinte agus Folláine, Saint Catherine's Hall, Cois Abhann, Port Láirge Ríomhphost: Kate.cassidy@hse. Fón Póca: 087 6529847