English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ag pleanáil don mheanapás

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 14 Deireadh Fómhair 2022

Cé go bhfuil an meanapás ina chuid nádúrtha d'aosú, d'fhéadfadh athrú suntasach saoil a bheith i gceist leis. Tarlaíonn an meanapás de ghnáth idir aois 45 agus 55. Is é 51 an mheánaois ag a sroicheann bean an meanapás.

Is féidir le roinnt athruithe simplí ar stíl mhaireachtála difríocht dhearfach a dhéanamh de réir mar a théann tú in aois agus tú ag ullmhú don mheanapás agus don pheiri-mheanapás.

liosta cabhrach acmhainní curtha le chéile ag Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP) chun roinnt eolais ghinearálta a thabhairt duit faoin mheanapás. Áirítear leis seo físeán ina leagtar amach roinnt comhairle maidir le stíl mhaireachtála leis an Dr Ciara McCarthy.

I measc na mbealaí eile inar féidir leat pleanáil le haghaidh an mheanapáis tá:

  • Oideachas a chur ort féin: Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi na siomptóim a bhaineann leis an meanapás ionas gur féidir leat é a aithint agus tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféadfadh sé dul i bhfeidhm ar do chorp agus ar d'intinn. Má bhíonn na siomptóim ar eolas agat ní bheidh an taithí chomh scanrúil céanna.
  • Stop ag caitheamh tabac: Má chaitheann tú tabac, ag aon phointe i do shaol, is féidir leat céim ollmhór a glacadh i dtreo sláinte níos fearr trí éirigh as. Méadaíonn caitheamh tabac an riosca go bhféadfaí le meanapás tarlú níos luaithe, agus tá seans níos fearr go mbeidh siomptóim níos measa ort – ráigeanna teasa agus cur allais ach go háirithe. Má stopann tú ag caitheamh tabac, beidh deis níos fearr agat do mheanapás a bhainistiú, cuirfidh sé le dea-shláinte agus folláine choirp agus mheabhrach a chothabháil, laghdóidh sé an riosca a bhaineann le galair eile ar nós ailse, galar croí, galar scamhóige agus stróc. Tá cabhair maidir le héirí as caitheamh tabac ar fail ar QUIT.ie.
  • Aiste bia sláintiúil a leanúint: Má fhaigheann do chorp bia cothaitheach cabhróidh sé leat aghaidh a thabhairt ar an meanapás agus na siomptóim a bhaineann leis a bhainistiú. Ith aiste bia éagsúil le neart cailciam, déan iarracht scíth a thógáil agus fanacht ag meáchan sláintiúil, ag cur san áireamh gur féidir é a bheith níos deacra meáchan a chailleadh le linn an mheanapáis. Le haghaidh leideanna maidir le haiste bia cothaitheach a leanúint, féach Item was unpublished or removed
  • Cosain do chnámha: Le linn an mheanapáis, d'fhéadfadh dísciú cnámh agus oistéapóróis tarlú mar gheall ar thitim an hormóin éastraigin. Is féidir leat cabhrú le dísciú cnámh a íoslaghdú roimh an meanapás trí aclaíocht a dhéanamh, go háirithe cleachtaí glactha meáchain agus cleachtaí friotaíochta ar nós meáchain a chrochadh. Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal cairdiach agus gníomhaíochta meáchain a mholtar duit, labhair le do dhochtúir teaghlaigh.
  • Líonra tacaíochta piaraí a thógáil: Tuairiscíonn go leor ban go bhfuil siad an-uaigneach le linn an mheanapáis agus iad ag déileáil lena gcuid siomptóm leo féin. Labhair le do theaghlach agus le cairde faoi mheanapás ionas nach bhfeicfear é mar ábhar faoi their. Cuimhnigh go mbeidh taithí ag mná eile i d'aoisghrúpa ar an gcéim seo dá saol freisin. Is féidir dlúthchaidrimh a chothú nuair a labhraímid faoi shiomptóim a bhainistiú agus faoi leideanna maidir lena mbainistiú.
  • Bí dearfach: Cuimhnigh go bhfuil an meanapás mar chuid nádúrtha den aosú, ar an gcaoi chéanna le caithreachas. Má tá tú ag streachailt, cuir ceist ar do dhochtúir teaghlaigh faoi thacaíocht féinchúraim cosúil le CBT nó Aireachas.
  • Coinnigh suas le Scagthástáil: Tá sé tábhachtach coinneáil suas chun dáta le do choinní le Breastcheck (idir 50-69 bliain d'aois), CervicalCheck (idir 25-65 bliain d'aois), agus BowelScreen (idir 60-69 bliain d'aois).