English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ag tacú le duine muinteartha tríd an meanapás

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 14 Deireadh Fómhair 2022

Cé go dtéann roinnt ban trí an meanapás gan aon siomptóim, i gcás go leor daoine d'fhéadfadh sé go mbeadh athruithe ann atá dúshlánach agus casta araon.

Deir níos mó ná leath de na mná atá ag dul tríd an meanapás nó peiri-mheanapás gur eispéireas diúltach é, agus deir 77% go mbeadh sé tairbheach dá dtuigfeadh gach duine an meanapás níos fearr.

Tá go leor bealaí ann inar féidir leat tacú le ball teaghlaigh nó le duine muinteartha atá ag dul tríd an gcéim seo den saol.

  • Cuir tú féin ar an eolas: Má fhoghlaimíonn tú faoi na siomptóim féideartha éagsúla a bhaineann leis an meanapás gheobhaidh tú tuiscint níos fearr air agus cabhróidh sé leat ionbhá a dhéanamh leis an duine atá ag dul tríd.
  • Teanga dhearfach a úsáid: Go stairiúil, rinneadh tearc-phlé ar an meanapás, rud a d'fhág easpa eolais agus drogall ginearálta ar dhaoine labhairt faoi rud atá an-nádúrtha mar chuid den phróiseas aosaithe. Tabhair dea-shampla trí pháirt a ghlacadh i gcomhráite faoin mheanapás agus na siomptóim a bhaineann leis.
  • Éist leo: Fiafraigh den duine cén chaoi a mothaíonn siad. Cuimhnigh go mb’fhéidir nach mbeadh fonn orthu a gcuid siomptóim go léir a phlé. Cuimhnigh go bhfuil taithí gach bean ar an meanapás difriúil. Níl aon chur síos ann a oireann do gach duine, ná glac leis go bhfuil a fhios agat cén chaoi a bhraitheann duine eile. Is féidir leat, áfach, a chur in iúl dóibh go bhfuil tú ann chun éisteacht agus cabhrú leo más gá, rud a fhágann go mbraitheann siad go bhfuil tacaíocht acu.
  • Tabhair spreagadh dóibh: B'fhéidir nach mbeidh fonn ar mhná a bhíonn ag déileáil le siomptóim an mheanapáis nó an pheiri-mheanapáis a gcuid gnáthghníomhaíochtaí a dhéanamh. D'fhéadfadh féinmheas lag nó náire a bheith mar thoradh ar shiomptóim cosúil le ráigeanna teasa agus fadhbanna le cuimhne, go háirithe nuair a tharlaíonn siad in áit phoiblí nó san ionad oibre. Tabhair spreagadh dóibh leanúint ar aghaidh lena gcuid gníomhaíochtaí agus, nuair is cuí, téigh in éineacht leo chun tacú leo.
  • Smaoinigh ar cad atá ag teastáil uathu ón gcaidreamh: D'fhéadfadh mná atá ag dul tríd an meanapás mian chollaí a chailleadh mar gheall ar athruithe hormónacha. D'fhéadfadh sé tarlú nach bhfuil aon spéis acu i ngnéas, rud a d'fhéadfadh cur isteach orthu agus/nó ar a bpáirtí. D'fhéadfadh siomptóim fhisiciúla a bheith orthu freisin amhail tirimeacht faighne nó allas oíche a d'fhéadfadh a bheith míchompordach ó thaobh gnéis de. Is féidir leat tacú le do pháirtí trína fhiafraí faoina dtaithí agus a gcuid riachtanas ionas gur féidir leat cabhrú leo a gcuid siomptóm a mhaolú agus an chóireáil chuí a lorg más gá. Cuimhnigh go bhfuil go leor bealaí eile ann le grá a thaispeáint agus caidreamh a léiriú, labhair lena chéile faoi bhealaí éagsúla a bhféadfadh sibh an gaol eadraibh a neartú.
  • Cuidigh lena siomptóim a bhainistiú: Is féidir cuid de na siomptóim a bhaineann le meanapás a mhaolú trí stíl mhaireachtála ghníomhach shláintiúil a leanúint. Is féidir leat cabhrú le duine muinteartha trí spreagadh a thabhairt dóibh dul ag siúl nó ag snámh, cuireadh a thabhairt dóibh a bheith páirteach i ranganna, mar shampla Ióga nó Pilates, agus go ginearálta a bheith níos gníomhaí. Is cabhair é freisin alcóil a laghdú agus éirí as caitheamh tobac. I gcás go leor daoine, bíonn baint acu seo le gníomhaíochtaí sóisialta agus mar sin b'fhéidir go mbeadh sé úsáideach duit bealaí éagsúla a mholadh chun bualadh le chéile. Mar shampla, má bhuaileann sibh le chéile de ghnáth i dteach tábhairne nó i mbialann, mol dóibh dul páírt a ghlacadh i rang cócaireachta nó dul i mbun caitheamh aimsire nua le chéile.

Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil ar an meanapás féach hse.ie/menopause