An Bille um Ghairmithe Rialáilte (Sláinte agus Cúram Sóisialta) (Leasú) 2019
- Foilsithe: 19 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2020
Leasaíonn an Bille um Ghairmithe Rialáilte (Sláinte agus Cúram Sóisialta) (Leasú) 2019 na cúig Acht rialála gairmithe sláinte, go háirithe maidir le hoiriúnacht chun cleachtadh agus clárú.
I measc na bpríomhleasuithe tá:
- ní mór d’iarratasóirí ar chlárú dearbhú ar iarratas, agus go bliantúil ina dhiaidh sin, aon chiontuithe, nó smachtbhannaí a chuireann comhlacht rialála ar a gcleachtas (laistigh nó lasmuigh den Stát)
- is féidir fiosrúcháin araíonachta i ndlínsí eile a úsáid mar fhianaise inghlactha in imeachtaí oiriúnachta chun cleachtadh in Éirinn
- foilseofar gach smachtbhanna lena chinntiú go mbeidh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis faoi smachtbhannaí araíonachta a fhorchuirtear ar dhochtúirí, altraí, cnáimhseacha, cógaiseoirí agus gairmithe sláinte rialáilte eile
- beidh sé de cheart ag cleachtóirí achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nuair a bheidh smachtbhannaí beaga comhairle, admhála nó cáinte i scríbhinn curtha ar chleachtóir. Faoi láthair níl aon cheart achomhairc ann maidir leis na smachtbhannaí seo
Is iad na cúig acht Acht na bhFiaclóirí 1985, an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005; an tAcht Cógaisíochta 2007; Acht na Lia-Chleachtóirí 2007; agus an tAcht Altraí agus Cnáimhseacha 2011.