English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Feabhra 2020
  • An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2024


Faoin Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar

Cheap an tAire Sláinte, Simon Harris an Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar agus bhí a cruinniú tionscnaimh tionólta ar an 27 Eanáir 2020. Ceapadh an Chomhairle chun comhairle agus treoir a sholáthar don Aire Sláinte ó raon leathan peirspictíochtaí ar fhorbairt beartas sábháilteachta othar. Is tosaíocht sláinte domhanda agus Éireannach í sábháilteacht othar. Tá sé mar aidhm ag Sábháilteacht Othar rioscaí, earráidí agus díobháil a tharlaíonn d’othair agus d’úsáideoirí seirbhíse a chosc agus a laghdú le linn cúram sláinte a sholáthar. Tiocfaidh feabhas ar cheapadh beartais má tá raon leathan perspictíochtaí a bheith páirteach i mbeartas, lena n-áirítear peirspictíocht an othair agus úsaideora seirbhíse. Tugann baill na Comhairle réimse leathan saineolais agus taithí óna bpeirspictíochtaí éagsúla lena n-áirítear saoránaigh, oideachas, sábháilteacht othar, beartas sláinte, ceannaireacht cúram sláinte, agus go leor eile.

Preas ráiteas le haghaidh Seoladh na Comhairle Neamhspléach um Shábháilteacht Othar, 27 Eanáir 2020

Tá Noeline Blackwell, POF Ionad Géarchéime um Éigniú Bhaile Átha Cliath mar chathaoirleach ar an gComhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar. Tagann an Chomhairle le chéile 2 go 3 huaire in aghaidh na bliana agus chun clár oibre bliantúil a aontú leis an Aire Sláinte. In 2020, iarradh ar an gComhairle moltaí a chur i láthair do Aire maidir le Creat Beartais Náisiúnta um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte in Éirinn, chun cabhrú le heagraíochtaí agus le cliniceoirí prionsabail an nochtaithe oscailte a chur i bhfeidhm chun cumarsáid a dhéanamh le hothair nuair nach dtéann cúram sláinte chun plean. Is é atá i Nochtadh Oscailte i gcúram sláinte an plé oscailte a bhíonn ag an soláthraí cúram sláinte le hothair nó le húsáideoirí seirbhíse, lena dteaghlaigh nó le daoine tacaíochta nuair a théann rud éigin mícheart a rinne dochar nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’othar nó d’úsáideoir seirbhíse.


Moltaí don Aire maidir le Creat Beartais Náisiúnta um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte in Éirinn

I mí Eanáir 2021, chuir an Chomhairle a Moltaí ar fáil don Aire Sláinte maidir le Creat Beartais Náisiúnta um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte in Éirinn. Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly fáilte roimh na Moltaí mar chéim shuntasach chun tosaigh chun cultúr cumarsáide oscailte, macánta agus trédhearcadh a fhorbairt, a chothú agus a chur i bhfeidhm, go háiríthe d’othair, úsaideoirí seribhíse agus a dteaghlaigh nuair a tharlaíonn rud éigin mícheart a rinne dochar nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’othar nó d’úsaidéoir seirbhíse. Forbróidh an Roinn Sláinte Creat Beartais Náisiúnta um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte in Éirinn, bunaithe ar na moltaí seo agus cuir chuige cur chun feidhme ar leibhéal ard.

Tá tuarascáil tugtha amach ag Crowe darb ainm Fianaise chun Tacú leis an gComhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar um Fhobairt Moltaí ar Chreat Beartais Náisiúnta um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte in Éirinn (2021), ceangailte mar aguisín le Moltaí na Comhairle Neamhspléach um Shábhailteacht Othar.

Independent Patient Safety Council Recommendations Framework Open Disclosure with Crowe Report
Amharc amharc
Explanatory leaflet on report findings and the Independent Patient Safety Council Recommendations
Amharc amharc

Suirbhé náisiúnta ar chreat um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte

Suirbhé náisiúnta ar chreat um Nochtadh Oscailte i gCúram Sláinte

D’iarr an Chomhairle Neamhspléach ar Shábháilteacht Othar ar an Roinn Sláinte athbhreithniú fianaise neamhspleách agus comhairliúchán náisiúnta le páirtithe leasmhara agus poiblí a choimisiúnú chun an cúlra riachtanach a sholáthar dóibh agus iad i mbun a moltaí a n-ullmhú. Rinneadh suibhé naisiúnta in 2020 agus is féidir tuilleadh eolais faoin suirbhé seo a fháil anseo. Coimisiúnaíodh Crowe Consultants in 2020 chun an cleachtadh seo a dhéanamh.


Baill na Comhairle

Tá ceaphacháin téarma sheasta ag baill de mheascán trí agus cúig blian ar a mhéad, chun rothlú de réir a chéile a chinntiú.


Ballraíocht

Independent Patient Safety Council - Membership - April 2024
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council - Member Biographies - April 2024
Amharc amharc

Téarmaí Tagartha

Independent Patient Safety Council Terms of Reference
Amharc amharc

Miontuairiscí

2024

Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 27 June 2024
Amharc amharc

2023

Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 6 December 2022
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 8 November 2023
Amharc amharc

2022

Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 6 December 2022
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 06 December 2022
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 15 June 2022
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 15 June 2022
Amharc amharc

2021

Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 07 December 2021
Amharc amharc
Agenda Item 1.2 Draft IPSC minutes 7 December 2021
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 27 April 2021
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 27 April 2021
Amharc amharc

2020

Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 4 November 2020
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 4 November 2020
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 15 July 2020
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 15 July 2020
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Agenda - 27 January 2020
Amharc amharc
Independent Patient Safety Council Meeting Minutes - 27 January 2020
Amharc amharc

Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle Sábháilteachta Othar Neamhspleách

Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle Sábháilteachta Othar Neamhspleách 2020
Amharc amharc
AN CHOMHAIRLE NEAMHSPLEÁCH TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2021
Amharc amharc
AN CHOMHAIRLE NEAMHSPLEÁCH TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2022
Amharc amharc
AN CHOMHAIRLE NEAMHSPLEÁCH TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2023
Amharc amharc