An Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagtha (NSAC): Clár Oibre
- Foilsithe: 29 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 13 Márta 2024

Clár Oibre
Tá fíoráthas ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta Scagtha (NSAC) a Chlár Oibre a fhoilsiú.
Ba mhaith leis an NSAC buíochas a ghabháil leo siúd a thóg an t-am chun aighneacht a dhéanamh agus cur le hobair thábhachtach an Choiste. Déanfar an Clár Oibre a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta.
Is féidir Clár Oibre an NSAC a fheiceáil ach cliceáil ar na naisc thío
Leathnú ar an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota Naíonna
Is príomh-sruth oibre don Choiste an leathnú ar an gClár Náisiúnta Scagthástála ar Fhuilspotaí Leanaí Nuabheirthe (SFLB).
Tá an Coiste ag déanamh scrúdú ar breis is 30 riocht sláinte. Áirítear orthu sin riochtaí a moladh i nGlao Bliantúil 2021 agus i nGlao Bliantúil 2022, chomh maith le riochtaí a sainaithníodh ó chomhairle chliniciúil ó Ghrúpa Rialachais an Chláir Náisiúnta Scagthástála ar Fhuilspotaí Leanaí Nuabheirthe (SFLB) de chuid an FSS.
Rinne an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, moladh ón gCoiste maidir le Seargadh Matánach Dromlaigh (SMA) a chur leis an gclár SFN a fhormheas an 26 Samhain 2023.
Déanfar stádas na riochtaí a thabhairt suas cothrom le dáta go rialta agus beidh liosta de na riochtaí sin le fáil tríd an nasc thíos.