English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An meanapás a bhainistiú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 14 Deireadh Fómhair 2022

Tarlaíonn an meanapás ag am sa saol a bhíonn strusmhar ar roinnt cúiseanna. D'fhéadfá a bheith ag tabhairt aire do ghaolta atá ag dul in aois, leanaí, ag bainistiú do chuid oibre nó strus a bhaineann leis an mbaile agus ag an am céanna ag déileáil le tarlú suntasach i do shaol.

Cuimhnigh a bheith cineálta leat féin, cuir tú féin ar an eolas an oiread agus is féidir leat agus bíodh a fhios agat go bhfuil cabhair agus tacaíocht ar fáil, mar shampla Teiripe Chognaíochta agus Iompraíochta (CBT), cóireáil a úsáidtear le haghaidh an mheanapáis. Is féidir le do dhochtúir teaghlaigh tú a threorú chuig Silvercloud, ardán fíorúil meabhairshláinte.

Bíonn an meanapás difriúil do gach bean. Ba chóir duit labhairt le do dhochtúir teaghlaigh más rud é:

  • Go bhfuil siomptóim an mheanapáis agat atá ag cur imní ort
  • Go bhfuil siomptóim ort roimh aois 45
  • Go bhfuil d'fhuil mhíosta stoptha ar feadh bliana nó níos mó roimh 45 bliain d'aois
  • Má thosaíonn d'fhuil mhíosta ag éirí trom tar éis 45 bliain d'aois

Beidh do dhochtúir teaghlaigh in ann cabhrú leat agus féadfaidh sé/sí cóireálacha a mholadh, lena n-áirítear HRT. Tá liosta cabhrach acmhainní curtha le chéile ag Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP) maidir leis an meanapás. Áirítear leis seo físeán leis an Dr Nóirín O’Herlihy ag míniú rioscaí agus buntáistí HRT, agus más rogha oiriúnach é HRT. Bíonn siomptóim ag níos mó ná 90% de mhná a théann tríd an meanapás. Cé go mbeidh an chuid is mó in ann féinbhainistiú a dhéanamh ar a gcuid siomptóim go rathúil, beidh gá le bainistíocht leighis ag duine as gach ceathrar.

Tá raon gníomhartha agus athruithe ar an stíl mhaireachtála is féidir leat a dhéanamh. Is féidir le hithe go maith, aclaíocht a dhéanamh agus aire a thabhairt do d'fholláine mheabhrach cabhrú le linn an pheiri-mheanapáis agus an mheanapáis agus cabhrú leat coinneáil chomh maith agus is féidir amach anseo. Seo thíos roinnt leideanna úsáideacha.

  • Bí gníomhach. Cuimhnigh, ní bhaineann gach duine taitneamh as babhtaí traenála ard-déine agus is fearr le daoine eile aclaíocht a dhéanamh ina n-aonar seachas i bhfoirne. Tá aon saghas gluaiseachta go maith duit. Bain triail as agus aimsigh gníomhaíocht a thaitníonn leat. Cuidíonn gníomhaíochtaí glactha meáchain ina n-iompraíonn do chosa do mheáchan cosúil le siúl, rith nó damhsa, nó cleachtaí friotaíochta (mar shampla, meáchain a chrochadh) le do chnámha a chosaint.
  • Faigh neart scíthe agus déan iarracht gnáthaimh chodlata rialta a choinneáil. Go ginearálta, teastaíonn idir 5 agus 9 uair an chloig codlata san oíche ó dhaoine. 8 uair an chloig an méid idéalach, ach is féidir é seo a bheith difriúil do gach duine.
  • Ithe go maith. Tá ithe sláintiúil tábhachtach chun dea-shláinte agus folláine choirp agus mheabhrach a chothabháil ar an iomlán. Déan iarracht bianna níos sláintiúla agus éagsúil a ithe ina bhfuil níos mó cailciam, cosúil le bainne, iógart agus cál.
  • Labhair le daoine eile atá ag dul tríd an rud céanna, amhail do theaghlach, cairde nó comhghleacaithe.
  • Más caiteoir tobac tú, déan iarracht stop a chur le caitheamh tobac trí chuairt a thabhairt ar www.quit.ie
  • Ná hól níos mó ná an teorainn alcóil a mholtar.