Anailís ar Thionchar Rialála - An Bille um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas) 2018
- Foilsithe: 30 Iúil 2018
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2020
Déantar foráil i mBille Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas) 2018 do bhunú Bord 9 duine don FSS. Is é an Bord an comhlacht rialaithe do FSS, le húdarás chun feidhmeanna FSS a chomhlíonadh. Beidh an Bord cuntasach don Aire Sláinte as a fheidhmeanna a chomhlíonadh.
Déanann an Bille foráil freisin do Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) do FSS in ionad phost reatha an Ard-Stiúrthóra agus go mbeidh an POF cuntasach don Bhord as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh.
Cliceáil anseo chun dul chuig Bille Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas) 2018.