Athbhreithniú ar an mBeartas Reatha chun Cártaí Scagtha Nuabheirthe a Choinneáil
- Foilsithe: 11 Meitheamh 2012
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D'iarr an Dr James Reilly, an tAire Sláinte, ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas maidir le Cártaí Scagtha Nuabheirthe (NSCanna) a choinneáil agus a dhiúscairt. Is cuid dhílis iad na NSCnna den Chlár Náisiúnta Scagthástála Spota Fola Nuabheirthe (NNBSP).
Fuair an tAire uiríll maidir leis na NSCnna cartlainne atá stóráilte ag an tSaotharlann Náisiúnta Scagtha Spota Fola Nuabheirthe (NNBSL) ag Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill (CUH, T / S).