Athbhreithniú Painéal Saineolaithe ar Scagadh Ceirbheacsach (RCOG)
- Foilsithe: 3 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2020
I mí na Bealtaine 2018 bhunaigh an tAire Sláinte Athbhreithniú Painéal Saineolaithe Neamhspleách ar Scagadh Ceirbheacs, tar éis cinneadh ón Rialtas.
Rinne Coláiste Ríoga na gCnáimhseoirí agus na Gínéiceolaithe (RCOG) an t-athbhreithniú agus fuarthas saineolas freisin trí Chumann na Breataine um Colpascópacht agus Paiteolaíocht Cheirbheacsach.
Ba é cuspóir an athbhreithnithe ná dearbhú cliniciúil neamhspleách a thabhairt do mhná a ghlac páirt sa chlár náisiúnta scagthástála CervicalCheck agus a d’fhorbair ailse ionrach cheirbheacsach faoi uainiú a ndiagnóis agus a gcóireála.
Rinne an painéal iarracht aon teipeanna chun ailse a chosc nó idirghabháil a dhéanamh níos luaithe a chinneadh agus ullmhaigh siad tuarascálacha achoimre scríofa aonair dóibh siúd a ndearnadh difear dóibh, ag leagan amach na bhfíoras agus a measúnú saineolach agus neamhspleách ar na fíricí sin.
Tá Tuarascáil Chomhiomlán curtha le chéile ag an RCOG ina bhfuil moltaí agus é mar aidhm cúram do mhná a fheabhsú.