Athbhreithniú Straitéiseach ar Oiliúint Leighis agus Struchtúr Gairme: An Naoú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
- Foilsithe: 14 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2020
I mí Iúil 2013 bunaíodh Grúpa Oibre, faoi chathaoirleacht an Ollaimh Brian MacCraith, Uachtarán, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun athbhreithniú straitéiseach a dhéanamh ar oiliúint leighis agus ar struchtúr gairme. Cuireadh de chúram ar an nGrúpa Oibre moltaí ardleibhéil a scrúdú agus a dhéanamh maidir le hoiliúint agus bealaí gairme do dhochtúirí d’fhonn: coinneáil céimithe sa chóras sláinte poiblí a fheabhsú; pleanáil do riachtanais seirbhíse; agus an tairbhe is mó a bhaint as infheistíocht in oideachas agus oiliúint leighis. Bunaíodh Grúpa Monatóireachta Feidhmithe chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí. Seo an naoú tuarascáil ar dhul chun cinn an Ghrúpa Faireacháin, a chlúdaíonn an tréimhse Lúnasa 2018 go dtí Eanáir 2019.