Athbhreithniú Straitéiseach ar Oiliúint Leighis agus Struchtúr Gairme - An tOchtú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
- Foilsithe: 17 Nollaig 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
I mí Iúil 2013 bunaíodh Grúpa Oibre, faoi chathaoirleacht an Ollaimh Brian MacCraith, Uachtarán, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun athbhreithniú straitéiseach a dhéanamh ar oiliúint leighis agus ar struchtúr gairme. Cuireadh de chúram ar an nGrúpa Oibre moltaí ardleibhéil a scrúdú agus a dhéanamh maidir le hoiliúint agus bealaí gairme do dhochtúirí d’fhonn:
- coinneáil céimithe sa chóras sláinte poiblí a fheabhsú
- pleanáil do riachtanais seirbhíse sa todhchaí
- an leas is mó a bhaint as infheistíocht in oideachas agus oiliúint leighis
Bunaíodh Grúpa Monatóireachta Feidhmithe chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí. Seo ochtú tuarascáil ar dhul chun cinn an Ghrúpa Faireacháin, a chlúdaíonn an tréimhse Feabhra 2018 go Iúil 2018.