English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - Rochtain ar Chúram a Fheabhsú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2021

Ar an 29 Aibreán 2021, reáchtáil Sláintecare an 9ú Seimineár Gréasáin - Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - ‘‘Rochtain ar Chúram a Fheabhsú”

I rith an tseimineáir ghréasáin seo roinneadh scéalta maidir le tionscadail atá á maoiniú ag Sláintecare a bhfuil tionchar acu ar amanna feithimh/liostaí feithimh agus a bhfuil obair á déanamh acu chun eispéireas daoine a úsáideann ár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a fheabhsú.

Diagnóisic Chairdiach Pobail Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh (ID an Tionscadail 469)

Seirbhís Diagnóisic Chairdiach Pobail a sholáthar i suas le cúig Ionad Cúraim Phríomhúil / Sláinte a sholáthraíonn rochtain atreoraithe oscailte DG do chardagrafaíocht mhacalla agus monatóirí tástála (croí) R a sholáthróidh 40 coinne dhiagnóiseach sa phobal gach seachtain, rud a bheidh mar bhonn le diagnóis níos luaithe agus laghdú ar atreoruithe gaolmhara chuig an RE.

Seirbhís STI Comhtháite Pobail Thuaisceart Bhaile Átha Cliath (ID an Tionscadail 84)

Cabhróidh an tionscadal seo chun na héilimh atá ar an gcóras géarchúraim a laghdú trí mheasúnú a dhéanamh ar ghrúpaí sa phobal ar mhaithe le luath-idirghabháil agus cóireáil, agus cosc a chur ar scaipeadh ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha (STI). Bunófar clinicí STI gan réamhchoinne. Bunófar na clinicí seo chun freastal ar an mbealach is fearr agus is féidir ar riachtanais an phobail. Ateorófar othair óna dteastaíonn ardchúram chuig an gclinic STI in ospidéal an Mater.

Bunú Conairí Cliniciúla Nuálacha le haghaidh Ateoruithe Othar Seachtrach Ortaipéideach, comhtháthú seirbhísí pobail áitiúla agus triáis ildisciplíneach (ID an Tionscadail 324)

Mar chuid de thionscnamh liosta feithimh, tá sé beartaithe ag Roinn Triáise agus Ortaipéideach MSK in UHW Conair Phíolótach Oisté-airtríteas (OA) Glúine a rolladh amach. Is é an aidhm atá leis an gconair seo cainéal níos éifeachtaí chun seirbhísí ortaipéidice a sholáthar d’othair a bhfuil níos mó seans ann go mbeidh idirghabháil mháinliachta ag teastáil uathu a bhunú. Nuair a bheidh an Chonair Phíolótach OA Glúine i mbun feidhme ina hiomláine, beifear in ann í a bhunú ag leibhéal réigiúnach agus ag leibhéal náisiúnta amach anseo sa chás go mbeidh rochtain ag suíomhanna ar fhisteiripeoirí Triáise MSK. Éascóidh sé athrú ó aonaid ortaipéidice a bheith in úsáid go dtí úsáid a bheith á baint as fisiteiripe cúraim phríomhúil mar an chéad phointe i gconair atreoraithe d’othair le OA glúine. Laghdóidh sé seo an ráta atreoruithe chuig aonaid ortaipéidice, rud a bheidh mar bhonn le rátaí níos airde tiontaithe go máinliacht ó chomhairliúcháin OPD agus éascóidh sé laghdú ar an liosta feithimh OPD ortaipéidice domhanda.

Tionscadal ANP a fhorbairt le haghaidh LUTanna fireanna agus úireolaíocht neamhurchóideach – Ospidéal Ollscoile Thamhlachta (ID an Tionscadail 376)

Mar thoradh ar an tionscadal seo forbrófar Conair atreoraithe chomhtháite le haghaidh Siomptóim Fhireanna Íochtair Chonair an Fhuail agus forbrófar clinic úireolaíochta cúraim thánaistigh altrathreoraithe chun siomptóim úireolaíocha neamhurchóideacha a shainaithint. Beidh breis acmhainní á gcur ar fáil don chúram úireolaíoch sa suíomh cúraim phríomhúil, agus beidh spriocanna Feithimh d’Othair Sheachtracha á gcomhlíonadh.

Ba é seo an naoú seimineár gréasáin i sraith seimineár gréasáin atá á reáchtáil ag Sláintecare i gcomhpháirt le FSS agus IFIC Éireann.

Tá taifeadadh iomlán den seimineár gréasáin le fáil anseo: