Cúram Maolaitheach
- Foilsithe: 21 Márta 2014
- An t-eolas is déanaí: 23 Márta 2022
Is cur chuige é cúram maolaitheach i leith cúraim a fheabhsaíonn cáilíocht beatha na othar (daoine fásta agus leanaí) agus a dteaghlaigh a bhfuil fadhbanna acu a bhaineann le tinnis a chiorraíonn saol duine.
Coscann sé fulaingt trí phian agus fadhbanna eile a aithint go luath, a mheasúnú i gceart agus a chóireáil, cibé acu fisiceach, síceasóisialta nó spioradálta (WHO, 2020). Úsáideann cúram maolaitheach cur chuige foirne ildisciplíneach chun cabhrú le hothair maireachtáil chomh maith agus is féidir suas go dtí a mbás. Tá buntáistí ag cúram maolaitheach i ngach céim den chóireáil le haghaidh tinnis a chiorraíonn saol duine, a sheachadtar go minic i gcomhpháirt le cóireálacha eile atá dírithe ar shaol an othair a leathnú.
In Éirinn cuireann an FSS sainseirbhísí cúraim mhaolaithigh ar fáil i gcomhar leis an earnáil dheonach. Is féidir teacht ar shainchúram maolaitheach i raon suíomhanna lena n-áirítear sa bhaile, in ospísí, ospidéil agus saoráidí cúraim chónaithe.
Foilsíodh beartas reatha an Rialtais ar Chúram Maolaitheach in 2001 agus is féidir teacht air anseo: Tuarascáil an Choiste Chomhairligh Náisiúnta ar Chúram Maolaitheach.
Beartas Nua um Chúram Maolaitheach do Dhaoine Fásta
Gealltar i gClár an Rialtais 2020 Beartas nua um Chúram Maolaitheach do Dhaoine Fásta a fhoilsiú chun an beartas reatha a nuashonrú ó 2001 i leith. Léireoidh sé seo an iliomad forbairtí i gcúram deireadh saoil agus dea-chleachtas idirnáisiúnta. Cuirfidh an beartas nua san áireamh an méadú réamh-mheasta ar dhaonra níos sine na hÉireann agus an méadú ar líon na ndaoine a bhfuil riochtaí orthu a chiorraíonn a saoil orthu a bhainfeadh leas as cúram maolaitheach.
Rinne an Roinn Sláinte comhairliúchán poiblí agus choimisiúnaigh sí thrí thuarascáil ullmhúcháin mar ullmhúchán don pholasaí nua. Is féidir teacht orthu anseo.
Beartas Náisiúnta um Chúram Maolaitheach do Leanaí
In 2010 sheol an Roinn Sláinte Cúram Maolaitheach do Leanaí a bhfuil Riochtaí orthu a Chiorraíonn a Saoil in Éirinn - Beartas Náisiúnta.
Cuireann an beartas náisiúnta an creat ar fáil chun seirbhísí a fhorbairt do leanaí a bhfuil riochtaí orthu a chiorraíonn a saoil agus dá dteaghlaigh. Aithnítear go mbeidh difríocht idir riachtanais linbh a bhfuil riocht air a chiorraíonn a saoil agus na riachtanais a bhaineann le cúram duine fásta. Díríonn cúram maolaitheach do leanaí ar fheabhas a chur ar cháilíocht na beatha don leanbh agus ar thacaíocht a sholáthar don teaghlach agus áirítear leis sin siomptóim agus tacaíocht méala a bhainistiú. Molann an beartas múnla comhoibritheach le dlúthchaidreamh idir na gairmithe cúraim sláinte agus na gníomhaireachtaí go léir a bhfuil baint acu le cúram linbh.