English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ceanglais maidir le háit a fháil ar Chúrsaí Oideachais agus Oiliúna san Atreorú ag Fisiteiripeoirí le haghaidh Gnáthamh Raideolaíoch.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ceanglais maidir le hIontráil

Leagadh síos ceanglais éigeantacha maidir le háit a fháil ar chúrsaí oideachais agus oiliúna san atreorú ag fisiteiripeoirí le haghaidh gnáthamh raideolaíoch.

Ní mór don iarrthóir:

  • A bheith cláraithe le Bord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí ag CORU agus cáilíocht chuí san fhisiteiripe a bheith aige nó aici.
  • Taithí chliniciúil iarchláraithe cúig bliana ar a laghad a bheith acu, le taithí ceithre bliana ar a laghad de na cúig bliana sin i speisialtóireacht ábhartha bainte amach acu.
  • Deimhniú i scríbhinn ó mhaoirseoir cliniciúil ainmnithe a chur ar fáil. Caithfidh an maoirseoir sin a bheith ina lia-chleachtóir cláraithe ag leibhéal cláraitheora nó comhairleora, ar a laghad.
  • Deimhniú i scríbhinn a thabhairt maidir le socruithe comhaontaithe i dtaca le rialachas cliniciúil de chuid Choiste Sábháilteachta Radaíochta (CSI) / Ghrúpa Cur Chun Feidhme Áitiúil (LIG) i bhfeidhm ag a láthair oibre.