Ceantair Sláinte FSS
- Foilsithe: 9 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2023
- Ceantair Sláinte FSS: Bunús an Athraithe
- Fís Cheantair Sláinte FSS
- Tíreolaíocht Cheantair Sláinte FSS
- Grúpa Comhairleach um Cheantair Sláinte FSS
- Gealltanas an Rialtais Ceantair Sláinte FSS a Chur Chun Feidhme
- Cás Gnó um Forfheidhmiú na gCeantar Sláinte Réigiúnacha
- Plean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte FSS
Luíonn sé Cheantar Sláinte FSS le moltaí a rinneadh ins An Coiste Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí - Tuarascáil Sláintecare (2017), gur cheart go mbeadh comhlachtaí réigiúnacha freagrach as seirbhísí comhtháite cúraim sláinte agus shóisialta a phleanáil agus a sholáthar.
Is éard atá i gceist le cúram comhtháite ná seirbhísí, maoiniú agus rialachas atá á gcomhordú bunaithe ar riachtanais an othair, cúram ina gcuimsítear géarchúram agus cúram pobail araon.
Beidh Ceantair Sláinte FSS mar bhonn lena chinntiú go mbeidh seirbhísí cúraim sláinte ospidéil agus pobail ailínithe i gcomhthéacs geografach, ag leibhéal réigiúnach, bunaithe ar dhaonraí sainithe agus a riachtanais áitiúla. Tá ról lárnach aige seo i bhfís Sláintecare a thabhairt chun beochta i dtaobh sheirbhís chomhtháite cúraim sláinte agus shóisialta.
Le cois chomhtháthú an chúraim phobail agus an ghéarchúraim a chumasú, tá sé mar aidhm ag Ceantair Sláinte FSS tacú le cinnteoireacht ag leibhéal áitiúil agus tacú le pleanáil seirbhíse atá bunaithe ar an daonra. I ndeireadh na dála, treiseoidh sé seo ár seirbhís sláinte agus beidh sé mar bhonn le heispéireas othar níos fearr mar aon le rochtain ar chúram sláinte níos cóngaraí don bhaile.
Ceantair Sláinte FSS: Bunús an Athraithe
Tugann Ceantair Sláinte FSS aitheantas don luach a bhaineann le hailíniú geografach leithdháileadh atá bunaithe ar an daonra agus rialachas chun cúram comhtháite a chumasú. I láthair na huaire, tá naoi nEagraíocht Cúram Sláinte Pobail (CHOnna) agus sé Ghrúpa Ospidéil (HGanna) móide Sláinte Leanaí Éireann ag feidhmiú. De bhrí nach bhfuil siad seo ailínithe go geografach agus nach bhfuil comhréim oibre i gceist leo i dtaobh tíreolaíochta, bainistíochta, maoirseachta cliniciúla, nó buiséad le haghaidh daonraí sainithe, cuireann sé seo bac suntasach ar chúram comhtháite a sholáthar.
Fís Cheantair Sláinte FSS
Tá sé mar aidhm ag Ceantair Sláinte FSS cúram sláinte agus sóisialta atá cuimsitheach, duinelárnach, pobalbhunaithe a sholáthar trí sheirbhísí géarchúraim agus seirbhísí pobalbhunaithe a ailíniú. Cumasóidh na Ceantair Sláinte comhtháthú agus ailíniú seirbhísí ionas:
- go mothaíonn othair agus baill foirne sábháilte, go bhfuil tacaíocht ar fáil, agus go bhfuil dóthain eolais acu ag gach pointe dá gcúram;
- go bhfuil cúram á chur ar fáil chomh gar don bhaile agus is féidir; agus
- go bhfuil seirbhisí cúraim sláinte agus sóisialta á bpleanáil agus á maoiniú bunaithe ar riachtanais an daonra.
Séard atá i gceist leis na Ceantair Sláinte ná ailíniú iomlán agus comhtháthú níos fearr de sheirbhísí cúraim sláinte agus sóisialta laistigh de gach réigiún sonrach. Is gné lárnach é seo den chur chuige a bheidh in úsáid ag FSS chun seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta comhtháite a eagrú agus a sholáthar amach anseo. Luíonn cuspóirí chur chun feidhme Cheantair Sláinte FSS le haidhmeanna agus le cuspóirí ginearálta Sláintecare arb é seo a leanas atá mar aidhm leo:
- comhtháthú seirbhísí pobail agus seirbhísí géarchúraim a mhéadú;
- cur chuige bunaithe ar an daonra i ndáil le pleanáil seirbhíse a bhunú;
- rialachas cliniciúil a fheabhsú; agus
- rialachas corparáideach agus cuntasacht a fheabhsú.
Tíreolaíocht Cheantair Sláinte FSS
Tá tíreolaíocht na sé Cheantar Sláinte FSS bunaithe ar shonraí daonra lena n-áirítear an bealach a ndéanann daoine seirbhísí sláinte a rochtain faoi láthair agus conas a bhféadfaí cur isteach ar othair a laghdú, mar aon le comhairliúchán poiblí.Faomhadh tíreolaíocht na gCeantar Sláinte le cinneadh Rialtais i mí Iúil 2019, agus tá léarscáil de na réigiúin ar fáil thíos nó anseo.
I dTreo Múnla de Chúram Comhtháite Duine-Lárnaithe: Torthaí ón gComhairliúchán Poiblí ar Ailíniú Geografach Grúpaí Ospidéal agus Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail
Reáchtáil an Roinn Sláinte comhairliúchán poiblí maidir le h Ailíniú Geografach Grúpaí Ospidéal agus Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail in Aibreán-Bealtaine 2018. Tá an tuarascáil ar fáil anseo agus tá sintéis agus achoimre ann ar na haighneachtaí ar fad a fuarthas.
Grúpa Comhairleach um Cheantair Sláinte FSS
Cuireann an Grúpa Comhairleach um Cheantair Sláinte FSS treoir, tacaíocht agus comhairle ar fáil maidir le dearadh agus forbairt plean soiléir forfheidhmithe do Cheantair Sláinte FSS don Roinn Sláinte agus d’oifigigh FSS atá freagrach as an gclár oibre seo a chur i bhfeidhm faoi Sláintecare.
Gealltanas an Rialtais Ceantair Sláinte FSS a Chur Chun Feidhme
Rinneadh cur síos den chéad uair ar an ngealltanas chun na Ceantair Sláinte a bhunú ins An Coiste Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí - Tuarascáil Sláintecare 2017. Athdhearbhaíodh an gealltanas i bPlean Gníomhaíochta Sláintecare 2019, Clár an Rialtais 2020, Straitéis Forfheidhmithe agus Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2021-2023, Plean Corparáideach FSS 2021-2024, agus Ráiteas Straitéise 2021-2023 na Roinne Sláinte.
Le cois tíreolaíocht sé cheantar sláinte nua a fhaomhadh, threoraigh cinneadh an Rialtais i mí Iúil 2019 go bhforbrófaí cás gnó mhionsonraithe agus clár bainistithe athraithe ina ndéanfaí cur síos ar thograí chun FSS a atheagrú ionas go mbeidh sí ailínithe leis an tíreolaíocht réigiúnach.
Cás Gnó um Forfheidhmiú na gCeantar Sláinte Réigiúnacha
Cé gur leag cinneadh an Rialtais i mí Iúil 2019 treo taistil cinnte amach, shoiléirigh Cás Gnó um Forfheidhmiú na gCeantar Sláinte Réigiúnacha na céimeanna a bheadh ag teastáil chun Ceantair Sláinte FSS (mar a thugtar ar RHAnna anois) a chur i bhfeidhm ina n-iomláine.
D’fhorbair an Roinn Sláinte an Cás Gnó i gcomhpháirt le FSS agus geallsealbhóirí eile, le hionchur ón líne thosaigh tríd an nGrúpa Comhairleach um Cheantair Sláinte FSS san áireamh. Leagann an Cás Gnó amach treo molta an pholasaí do na Ceantair Sláinte mar aon leis na príomhshruthanna oibre agus na hamlínte a bhaineann leo.
Ag teacht leis an gCód Caiteachais Phoiblí (PSC), sonraíonn sé fosta an próiséas trínar roghnaíodh an rogha polasaí inmholta agus na critéir a úsáideadh lena meas, anailís ar éilimh, rioscaí, bunús an athraithe, ceisteanna monatóireachta agus meastóireachta, agus cuspóirí ginearálta na gCeantar Sláinte.
Is í aidhm na hoibre seo ná aistriú indéanta, soláimhsithe a bhaint amach i dtreo Cheantair Sláinte áitiúla, comhtháite atá cumasaithe cuntasach araon.
Plean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte FSS
Faomhann an Rialtas Plean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte FSS
Leagann Plean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte FSS plean oibre ar ardleibhéal amach le cuspóirí, gnímh ríthábhachtacha, agus amlínte ar mhaithe le haistriú go dtí an sé Cheantar Sláinte. Tá sé i gceist cur chuige na gCeantar Sláinte a chur i bhfeidhm ó mhí Feabhra 2024, ar aon dul le beartas an Chláir Rialtais um Chúram Sláinte Uilíoch agus le prionsabail deartha agus cuspóirí foriomlána Sláintecare.