English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clár Rochtana Cannabais Leighis

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Feabhra 2020
  • An t-eolas is déanaí: 1 Samhain 2022

An 26 Meitheamh 2019, shínigh an tAire Sláinte reachtaíocht le go mbeifí in ann an Clár Rochtana Cannabais Leighis a fheidhmiú ar bhonn píolótach ar feadh cúig bliana.

Éascóidh an Clár rochtain ar tháirgí cannabais-bhunaithe le haghaidh úsáide leighis de réir na reachtaíochta agus na treorach cliniciúla don scéim.

Trí shíniú na reachtaíochta atá mar bhonn agus taca leis an gClár Rochtana is féidir tús a chur le feidhmiú an Chláir Rochtana, agus is é an chéad chéim di go gcuirfeadh soláthraithe ionchasacha iarratas isteach chun a gcuid táirgí cannabais leighis a mheas maidir le hoiriúnacht le haghaidh úsáide leighis faoin scéim.

Ní liostálfar táirgí cannabais i Sceideal 1 de na Rialacháin ach amháin nuair a mheastar go bhfuil siad oiriúnach le húsáid faoin gClár Rochtanar Cannabais Leighis.

Cuirfidh an Clár Rochtana Cannabais Leighis ar chumas comhairleoir leighis cóireáil cannabais-bhunaithe a ordú d’othar atá faoina chúram do na riochtaí sláinte seo a leanas, i gcás nach bhfuil coireálacha caighdeánacha ag oibriú don othar:

  • Spasmacht a bhaineann le scléaróis iolrach
  • Masmas agus urlacan doleigheasta a bhaineann le ceimiteiripe
  • Titimeas frithleighis trom (frithsheasmhach in aghaidh cóireála).

Cúlra

Cuireadh tús leis an obair ar bhunú an Chláir i mí an Mhárta 2017, de bhun na gconclúidí ó thuarascáil shaineolach an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) Cannabas le haghaidh Úsáid Leighis - Athbhreithniú Eolaíoch, a ullmhaíodh ar iarratas ón Aire Sláinte. Tar éis fhoilsiú na tuarascála, bhunaigh an tAire Harris Grúpa Tagartha Saineolaithe chun comhairle a thabhairt maidir le Clár Rochtana Cannabais Leighis a fhorbairt.

D’fhorbair an Grúpa treoirlínte cliniciúla don Chlár, atá ar fáil thíos:

Clinical Guidance on Cannabis for Medical Use
The Medical Cannabis Access Programme is not required or intended for authorised medicinal products but rather is to facilitate access to cannabis-based products that are not authorised as medicines but are of a standardised quality and meet an acceptable level of quality assurance during their manufacturing process.
Amharc amharc

Chomh luath agus a thosaíonn an Clár Rochtana Cannabais Leighis bunóidh agus cothabhálfaidh FSS Clár chun rollú agus taifeadadh sonraí áirithe a éascú lena n-áirítear aitheantóirí othar (i bhformáid gan ainm), oideasóirí atá cláraithe sa Chlár, chomh maith le táirgí cannabais leighis arna n-ordú/soláthar.

Tabhair ar aird le do thoil: Níl clár MCAP ag feidhmiú faoi láthair. Moltar d’othair agus do ghairmithe cúraim sláinte dul i gcomhairle leis an leathanach seo le haghaidh nuashonruithe a fhoilseofar nuair a bheidh siad ar fáil.


Reachtaíocht

Cuimsíonn an reachtaíocht thánaisteach bhunúsach don Chlár:

  • Na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí (Oideas agus Rialú Soláthar Cannabais le haghaidh Úsáide Leighis) (Leasú) 2021, arna nuashonrú go Sceideal 1. (I.R. Uimh. 577 de 2021)
  • Na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí (Oideas agus Rialú Soláthar Cannabais le haghaidh Úsáide Leighis) (Leasú) 2019, arna nuashonrú go Sceideal 1.
  • Leagtar amach sna Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí (Oideas agus Rialú Soláthar Cannabais le haghaidh Úsáide Leighis) 2021 na forálacha dlíthiúla maidir le feidhmiú an Chláir Rochtana Cannabais Leighis agus na hoibleagáidí dlíthiúla do ghairmithe cúraim sláinte agus d’oibritheoirí tráchtála
  • Leasaíonn an tOrdú um Mí-Úsáid Drugaí (Ainmniú) (Leasú) 2019 I.R. Uimh. 533 de 2017, Ordú um Mí-Úsáid Drugaí (Ainmniú) 2017 trí bhaint ó raon feidhme an Ordaithe táirgí áirithe cannabais-bhunaithe a cheadófar le húsáid faoin gClár Rochtana Cannabais Leighis.
  • Leasaíonn na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí (Leasú) 2019 I.R. Uimh. 173 de 2017 - Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí 2017 chun táirgí inghlactha áirithe cannabais-bhunaithe a athsceidealú le haghaidh úsáide leighis faoin gClár Rochtana Cannabais Leighis ó Sceideal 1 go Sceideal 2.

Drugaí Rialaithe Sonraithe Inghlactha (táirgí cannabais-bhunaithe)

Glacadh leis go bhfuil na táirgí sonraithe rialaithe drugaí seo a leanas (táirgí cannabais-bhunaithe ar channabas) oiriúnach le húsáid faoin gClár Rochtana Cannabais Leighis:

Cuir an tábla faoi iamh in áit an tábla atá ann cheana:

Ainm an táirge nó na hullmhóide cannabais agus ainm an bhranda Foirm dáileoige Tiúchan THC (céatadán, meáchan/meáchan nó meáchan/toirt) Ainm an mhonaróra
Aurora High CBD Oil Drops Tuaslagán ó bhéal Níos lú ná 3% w/v (< 30mg/ml) Tá cannaibidé-ól (CBD) 60% w/v (600mg/ml) sa táirge seo freisin Aurora Cannabis Enterprises Inc., 4439 Township Road 304, Cremona, Alberta, Canada, T0M 0R0
CannEpil ™ Tuaslagán ó bhéal 0.5% w/v (5mg/ml) Tá cannaibidé-ól (CBD) 10% w/v (100mg/ml) sa táirge seo freisin MGC Pharmaceuticals d.o.o., Kamniška ulica 29, 1000, Ljubljana, Slovenia
Tilray Oral Solution THC10:CBD10 25ml Tuaslagán ó bhéal 1% w/v (10mg/ml) Tá cannaibidé-ól (CBD) 1% w/v (10mg/ml) sa táirge seo freisin Tilray Canada Ltd., 1100 Maughan Road, Nanaimo, BC, V9X 1J2, Canada
Aurora Sedamen Softgels Capsúil 5mg/capsúil Tá cannaibidé-ól (CBD) níos lú ná 0.2mg sa táirge seo freisin Aurora Cannabis Enterprises Inc. 4250 14th Avenue, Markham, Ontario, Canada L3R 0J3
Oleo Bedrobinol Bláth triomaithe 13.5% w/w (135mg/g) Tá cannaibidé-ól (CBD) níos lú ná 1.0% w/w (níos lú ná 10mg/g) sa táirge seo freisin Bureau voor Medicinale Cannabis Postbus 16114 2500 BC DEN HAAG The Netherlands
Oleo Bedrocan Bláth triomaithe 22% w/w (220mg/g) Tá cannaibidé-ól (CBD) níos lú ná 1.0% w/v (níos lú ná 10mg/g) sa táirge seo freisin Bureau voor Medicinale Cannabis Postbus 16114 2500 BC DEN HAAG The Netherlands

Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn iarratasóirí, measann an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) go gcomhlíonann na táirgí atá liostaithe sa tábla thuas na critéir i gcodanna (a) – (f) den sainmhíniú ar 'dhruga rialaithe sonraithe' atá leagtha amach sna Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí (Oideas agus Rialú Soláthar Cannabais le haghaidh Úsáide Leighis) 2019 agus, dá réir sin, is féidir iad a mheas lena gcur san áireamh i Sceideal 1 a ghabhann leis na Rialacháin sin.

Ghlac an tAire Sláinte le comhairle an HPRA agus toisc go bhfuil na táirgí seo ar aon dul leis an treoir chliniciúil don scéim, tá siad curtha anois le Sceideal 1 de na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí (Oideas agus Rialú Soláthar Cannabais le haghaidh Úsáide Leighis) 2019, atá le fáil ag an nasc seo a leanas:

https://www.irishstatutebook.ie/eli/2021/si/557/made/en/print

Le haghaidh tuilleadh faisnéise oideachais ar dhrugaí rialaithe sonraithe inghlactha, ba cheart do ghairmithe cúraim sláinte teagmháil a dhéanamh leis an monaróir ábhartha ag an ríomhphost teagmhála seo a leanas:

Ainm an Mhonaróra Ríomhphost teagmhála
Aurora Cannabis Enterprises Inc., 4439 Township Road 304, Cremona, Alberta, Canada, T0M 0R0 clientcare@auroramj.com
MGC Pharmaceuticals d.o.o., Kamniška ulica 29, 1000, Ljubljana, Slovenia dan@pacelli.ie
Tilray Canada Ltd., 1100 Maughan Road, Nanaimo, BC, V9X 1J2, Canada EUdocumentrequest@tilray.com
Bureau voor Medicinale Cannabis Postbus 16114 2500 BC DEN HAAG The Netherlands info@oleo.ie

Treoir do Sholáthraithe/Allmhaireoirí táirgí cannabais-bhunaithe

Sainmhínítear táirgí cannabais is féidir a úsáid sa Chlár Rochtana Cannabais Leighis mar 'dhrugaí rialaithe sonraithe' sa reachtaíocht agus leagtar amach sa sainmhíniú na sainriachtanais maidir leis na táirgí sin.

Ní féidir ach táirgí atá san áireamh i sceideal na ndrugaí rialaithe sonraithe faoin gClár Rochtana Cannabais Leighis a ordú ag comhairleoirí leighis.

Tá na critéir nach mór do tháirgí cannabais a chomhlíonadh d’fhonn go mbreithneoidh an tAire iad lena gcur ar an sceideal leagtha amach sa reachtaíocht agus is féidir iad a fháil sa treoir oibritheoirí arna eisiúint ag an HPRA

Ní mór bileog shonrach faisnéise d’othair a bheith in éineacht le gach táirge cannabais-bhunaithe le haghaidh úsáide leighis, mar a thagraítear dó i dTreoir Oibritheoirí an HPRA (féach thuas). Tá sé riachtanach go gcinntíonn gach soláthróir táirgí cannabais-bhunaithe go bhfaigheann gach othar an bhileog seo lena tháirge ordaithe. Cliceáil anseo le do thoil chun an Bileog Faisnéise Othar a fheiceáil agus a íoslódáil.

Leagan Inphriontáilte ar fáil anseo.

Is féidir sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh ar cheadúnas chun táirgí cannabais leighis a shealbhú, a sholáthar nó a allmhairiú lena n-úsáid faoin gClár Rochtana Cannabais Leighis de réir na gceanglas maidir le táirgí sceideal 2 sna Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí 2017 a fháil sa treoir oibritheoirí arna eisiúint ag an HPRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ba cheart d’oibritheoirí teagmháil a dhéanamh leis an HPRA ag controlleddrugs@hpra.ie


Eolas Breise

Cannabis for Medical Use: Additional information
Amharc amharc

Tar éis dul i gcomhairle leis an Q&A thuas, na rialacháin thánaisteacha atá mar bhonn agus taca leis an gClár - na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí (Oideas agus Rialú Soláthar Cannabais le haghaidh Úsáide Leighis) 2019, agus an doiciméad Treorach Chliniciúil, mura bhfaighidh tú an fhaisnéis atá uait cuir isteach do ceist chuig: controlled_drugs@health.gov.ie