Comhairliúchán Poiblí maidir le Seirbhísí Sláinte agus Cúraim Shóisialta agus Tacaíochtaí do Dhaoine Scothaosta
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 29 Lúnasa 2024
Chun bonn eolais a chur faoi obair an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta, tá comhairliúchán poiblí maidir le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta á reáchtáil ag an Roinn Sláinte thar ceann an Choimisiúin.
Cuirfidh an comhairliúchán ar chumas an Choimisiúin foghlaim faoi thuairimí an phobail ar sholáthar seirbhísí agus tacaíochtaí sláinte agus cúraim shóisialta do dhaoine scothaosta in Éirinn. Beidh na tuairimí a chuirfear in iúl mar bhonn eolais do mholtaí an Choimisiúin maidir le forbairt na seirbhísí agus na dtacaíochtaí sin amach anseo.
Conas páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán
Is féidir leat an suirbhé comhairliúcháin phoiblí a chomhlánú ar líne anseo.
Is féidir leagan den suirbhé atá éasca le léamh a chomhlánú anseo.
Is féidir leat cóip pháipéir den suirbhé comhairliúcháin phoiblí a iarraidh trí:
Ríomhphost a sheoladh chuig commissiononcare@health.gov.ie
Ghlaoch ar an Roinn Sláinte ar (01) 635 4000
Scríobh chuig:
Comhairliúchán Poiblí an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta,
c/o An tAonad Straitéise do Dhaoine Scothaosta,
An Roinn Sláinte,
Bloc 1, Plás Miesian,
50–58 Sráid Bhagóid Íochtarach,
Baile Átha Cliath,
D02 XW14.
Is féidir leat do shuirbhé comhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig commissiononcare@health.gov.ie nó is féidir leat é a sheoladh sa phost chuig:
Comhairliúchán Poiblí an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta,
c/o An tAonad Straitéise do Dhaoine Scothaosta,
An Roinn Sláinte,
Bloc 1, Plás Miesian,
50–58 Sráid Bhagóid Íochtarach,
Baile Átha Cliath,
D02 XW14.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
D'fhostaigh an Roinn Sláinte an Institiúid Sláinte Poiblí chun anailís a dhéanamh ar na freagairtí ar an suirbhé agus chun tuarascáil a ullmhú ar thorthaí an tsuirbhé.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i bhfreagraí suirbhé. Má chuirtear sonraí inaitheanta pearsanta san áireamh, scriosfar iad.
Tá gach aighneacht agus freagra suirbhé faoi réir a n-eisithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 agus tá siad faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.