Comrádaithe Cainte i Laois agus in Uíbh Fhailí
- Foilsithe: 25 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2021
Is tionscnamh nua atá á mhaoiniú ag Sláintecare é Comrádaithe Cainte a bhfuil sé mar aidhm leis forbairt teanga a chur chun cinn i bpobail i Laois agus in Uíbh Fhailí agus gach duine a spreagadh chun tabhairt faoin léitheoireacht os ard le leanaí óga idir 0-5 bliana d’aois.
Is mian le Comrádaithe Cainte tuismitheoirí agus daoine atá páirteach i saol linbh a spreagadh chun leabhair a léamh le chéile gach lá. Is léir ón bhfianaise atá ar fáil go mbíonn leabhar a léamh in éindí le duine éigin gach lá mar bhonn le stór focal an linbh a fheabhsú go mór. Ní hamháin go bhfoghlaimeoidh do leanbh focail nua trí leabhair a léamh, is deis iontach atá ann freisin dlúthchaidreamh a chothú idir leanaí agus daoine fásta. Soláthraíonn an clár Comrádaithe Cainte rochtain thráthúil do thuismitheoirí ar acmhainní oideachais agus oiliúna maidir le conas leabhair a úsáid chun teanga a fhorbairt.
Atreoraítear go leor leanaí atá idir 0-5 bliana d’aois chuig seirbhísí Teiripe Urlabhra & Teanga mar gheall ar fhorbairt mhoillithe teanga. I láthair na huaire, tá cláir oiliúna á reáchtáil ag Teiripeoirí Urlabhra & Teanga do thuismitheoirí na leanaí seo, ach bhraith siad dá mbeadh rochtain ar oideachas sláinte poiblí ag tuismitheoirí níos luaithe go laghdófaí go suntasach an líon atreoruithe chuig an tseirbhís Teiripe Urlabhra & Teanga agus, dá réir sin, go laghdófaí na liostaí feithimh le haghaidh Teiripe Urlabhra & Teanga.
Tríd an gclár Comrádaithe Cainte, tá sraith ghearr físeán oideachais agus oiliúna forbartha acu ina bhfuil eolas maidir le conas is fearr leabhair a roinnt le do leanbh. Beidh eolas faoi na nithe seo a leanas le fáil sa chéad sraith d’fhíseáin - na buntáistí a bhaineann le leabhair, ag léamh do leanaí, focail nua a fhoghlaim agus leabhair mholta.
Ceann d’aidhmeanna Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare é deis a thabhairt do dhaoine a bheith níos rannpháirtí agus níos cumhachtaí i ndáil lena gcúram sláinte féin, agus cuireann an tseirbhís seo ar chumas daoine é sin a dhéanamh, trí rochtain thráthúil ar oideachas sláinte poiblí. Cabhróidh rochtain thráthúil tuismitheoirí ar na tacaíochtaí seo le torthaí urlabhra agus teanga a fheabhsú do leanaí a bhfuil deacrachtaí acu mar aon le liostaí feithimh don tseirbhís Urlabhra agus Teanga a laghdú.
Reáchtáil Comrádaithe Cainte feachtas rathúil bailithe leabhar i Laois agus in Uíbh Fhailí agus bailíodh níos mó ná 550 leabhar. Tá sé beartaithe na leabhair seo a thabhairt mar bhronntanais do leanaí i bpobail éagsúla agus is mian leo freisin tacú le teaghlaigh agus le daoine eile atá páirteach i saol an linbh leabhair a úsáid ar an mbealach is tairbhiúla. Tá naisc cruthaithe ag Comrádaithe Cainte le grúpaí pobail áitiúla atá ar an ngannchuid i Laois agus in Uíbh Fhailí. Gné amháin den phróiseas seo é tacaíocht agus oiliúint a thairiscint do na pobail sin agus a n-aird a tharraingt ar na buntáistí suntasacha a bhaineann le leabhair a léamh.
Mar thoradh ar COVID-19, níor éirigh le Comrádaithe Cainte bualadh leis na pobail fós, ach tá súil acu go n-éireoidh leo bualadh le réamhscoileanna, grúpaí pobail agus tuismitheoirí i Laois agus in Uíbh Fhailí nuair a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh agus Clár na gComrádaithe Cainte a chur i bhfeidhm. Tá Clár na gComrádaithe Cainte ag cur leis an ábhar físeáin; tá oideachas agus oiliúint níos mionsonraithe ann maidir le conas leabhair a úsáid chun teanga a fhorbairt.
Tá tuilleadh sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Comrádaithe Cainte https://www.talkingbuddies.ie .