Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

COVID-19: Freagraí bhur gceisteanna

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

Maisc/clúdaigh aghaidhe

De réir an dlí, caithfidh tú masc nó clúdach aghaidhe eile a chaitheamh nuair a bhíonn tú ar nó i:

  • siopaí, lena n-áirítear cógaslanna
  • ollmhargaí
  • ionaid siopadóireachta
  • bainc, comhair chreidmheasa agus oifigí poist
  • leabharlanna
  • pictiúrlanna agus coimpléisc phictiúrlainne
  • amharclanna
  • hallaí ceolchoirme
  • hallaí biongó
  • músaeim
  • salón ingne
  • salóin ghruaige agus bearbóirí
  • siopaí tatúnna agus cneasphollta
  • gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas
  • neachtlanna agus tirimghlantóirí
  • siopaí geallghlacadóra
  • ar iompar poiblí
  • comhaltaí foirne a bhíonn ag freastal ar chustaiméirí i mbeáir, i mbialanna agus i gcaiféanna
  • i dtacsaithe (tiománaithe agus paisinéirí)
  • stáisiúin bus agus stáisiúin iarnróid

Moltar cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh sna cúinsí seo a leanas chomh maith:

  • ag daoine a thugann cuairt ar thithe daoine atá os cionn 70 bliain d’aois nó atá leochaileach ó thaobh na sláinte de
  • ag daoine a mbíonn cuairteoirí atá os cionn 70 bliain d’aois nó atá leochaileach ó thaobh na sláinte de ina dtithe acu
  • má tá tú ag taisteal i bhfeithicil le duine nach bhfuil cónaí ort leis/léi
  • áiteanna oibre plódaithe
  • ionaid adhartha
  • spásanna gnóthacha nó plódaithe lasmuigh ina bhfuil go leor daoine bailithe
  • in imthosca nach féidir achar 2 mhéadar a choinneáil

Foghlaim níos mó anseo.

Cuairteoirí chuig do theach

Moltar duit líon na ndaoine a mbuaileann tú leo a theorannú, agus cuntas laethúil a choinneáil de na daoine a mbuaileann tú leo chun críocha rianaithe teagmhálaithe. Ní gá go mbeadh aon rud ró-fhoirmiúil ann - ach leabhar nótaí ag rá cé leis a bhuail tú agus cén t-am agus an dáta.

Má tá cuairteoirí agat chuig do theach, féadfaidh tú suas le 6 chuairteoir a bheith agat as 3 theaghlach éagsúla.

Tá cruinnithe lasmuigh níos sábháilte ná cruinnithe laistigh. Faoi láthair, tá cruinnithe agus imeachtaí lasmuigh teoranta do 15 duine.

Foghlaim níos mó anseo.

Scoileanna

Tá scoileanna chun athoscailt go luath agus is í an tosaíocht is mó atá againn iad a dhéanamh chomh sábháilte agus is féidir. Mar gheall ar thiomantas an rialtais ár scoileanna a athoscailt, tá scoileanna ag ullmhú le seachtainí chun rudaí a dhéanamh níos sábháilte do dhaltaí agus don fhoireann.

Tá na bearta seo atá á gcur i bhfeidhm ag scoileanna chomh maith leis an mian uileghabhálach ligean do dhaltaí filleadh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt mar chuid den chúis go bhfuil scoileanna díolmhaithe ón teorainn 6 duine ar chruinnithe faoi dhíon.

Imeachtaí Cultúrtha

Meastar gur timpeallachtaí rialaithe iad gnólachtaí/seirbhísí cosúil le músaeim, pictiúrlanna, amharclanna agus dánlanna ealaíne, agus tá bearta cosanta iomchuí i bhfeidhm amhail scaradh fisiceach idir daoine. Is féidir leis na hionaid seo leanúint ar aghaidh ag feidhmiú nuair is féidir an scaradh fisiceach iomchuí agus gach beart cosanta eile a choinneáil. Ní mór do ghrúpaí aonair a fhreastalaíonn ar na hionaid seo a bheith teoranta do sheisear as 3 theaghlach ar a mhéad. Caithfidh tinreamh foriomlán cloí le teorainn fhoriomlán 50 duine.

Imeachtaí Allamuigh

Tá gach imeacht allamuigh faoi réir na dteorainneacha nua de 15. Meastar gur ollchruinnithe iad na himeachtaí seo ina mbíonn dlús daoine ag suíomh ar leith le haghaidh sainchuspóra thar thréimhse áirithe ama. Soláthraíonn imeachtaí den chineál seo deiseanna don víreas scaipeadh.

Foghlaim níos mó anseo.

Comhairle do dhaoine os cionn 70 agus daoine leochaileacha ó thaobh sláinte de

Moltar do dhaoine os cionn 70 agus atá leochaileach ó thaobh sláinte de breithiúnas aonair a fheidhmiú, agus fanacht sa bhaile a oiread agus is féidir, agus idirghníomhaíochtaí a theorannú do líonra an-bheag ar feadh tréimhsí gearra ama, agus scaradh go fisiciúil.

Moltar dóibh freisin:

  • achar 2 mhéadar a choinneáil ó dhaoine eile agus iad i mbun aclaíochta lasmuigh agus lámha a ní nuair a théann siad abhaile
  • iompar poiblí a sheachaint
  • siopadóireacht a dhéanamh le linn uaireanta ainmnithe agus clúdach aghaidhe a chaitheamh. D’fhéadfadh go mbeadh teaghlaigh, cairde agus comharsana in ann cúnamh a sholáthar le siopadóireacht chomh fada agus go gcloíonn siad le treoirlínte um scaradh fisiciúil, mar mhalairt air sin, d'fhéadfaí seirbhísí ar líne a úsáid. Ba cheart go gcinnteodh siopaí go bhfuil uaireanta ainmnithe ann do dhaoine os cionn 70 agus leochaileach ó thaobh sláinte de.
  • dóibh siúd nach bhfuil na roghanna sin ar fáil dóibh, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil, atá ag obair le seirbhísí na hearnála deonaí lena chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine ar bhia, ar sholáthairtí riachtanacha tí agus ar chógais

Foghlaim níos mó anseo.

Cuairt ar thithe altranais

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an ospidéal, teach altranais nó saoráid cúraim chónaithe chun comhairle a fháil sula dtabharfaidh tú cuairt orthu.

Níor cheart duit i ndáiríre cuairt a thabhairt ar shaoráid cúraim sláinte nó cúraim chónaithe má tá aon siomptóim d’ionfhabhtú COVID-19 ort, má tá tú tinn, nó má dúradh leat go bhfuil tú i do dhlúth-theagmhálaí le cás deimhnithe COVID-19.

Taisteal

Ba cheart gach taisteal neamhriachtanach a sheachaint. Ní mór d’aon duine a thagann go hÉirinn ó thar lear Foirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 a chomhlánú. Tá tuilleadh faisnéise agus treorach ar fáil anseo.

Ag obair ón mbaile

Caithfidh gnólachtaí a chinntiú go bhfuil fostaithe ag obair ón mbaile nuair is féidir. Sa Phrótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte leagtar amach go soiléir na céimeanna a chaithfear a ghlacadh sular féidir ionad oibre a athoscailt.

Freagracht an fhostóra cumhdaigh aghaidhe a sholáthar

Ní mór d’fhostóirí trealamh cosanta pearsanta mar lámhainní agus maisc a sholáthar, a mhéid is indéanta le réasún. Sa Phrótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte leagtar amach go soiléir na céimeanna a chaithfidh fostóirí a ghlacadh chun a gcuid fostaithe a chosaint.

Giomnáisiamaí/Grúpaí Aclaíochta

Is féidir le giomnáisiamaí/ionaid fóillíochta/linnte snámha/stiúideonna aclaíochta agus damhsa fanacht oscailte le bearta scartha sóisialta agus bearta cosanta iomchuí eile i bhfeidhm.

Ba chóir ranganna aclaíochta agus damhsa a theorannú do 6 duine agus rialacha maidir le scaradh fisiciúil a chomhlíonadh.

Ba chóir go mbeadh grúpaí a bhíonn ag cleachtadh lasmuigh teoranta do 15 duine, lena n-áirítear seisiúin oiliúna. Níor chóir go mbeadh aon mheascadh idir grúpaí.

Moltar dóibh siúd atá freagrach as na háiseanna seo a bhainistiú measúnú riosca a dhéanamh sula n-athosclaítear iad chun an riosca sláinte poiblí a bhainistiú dá gcustaiméirí, do lucht freastail, do rannpháirtithe agus do chomhaltaí foirne.

Póstaí

Faoi láthair, is féidir póstaí le 50 duine a thionól. Tuigimid go bhfuil póstaí ar cheann de na hamanna is speisialta i saol lánúin. Tá an rialtas ag athbhreithniú na treorach seo faoi láthair agus déanfaidh sé fógra ina thaobh sin go gairid.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat