English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Creat Infheistíochta Straitéiseach um Chúram Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Is é an ‘Creat Infheistíochta Straitéiseach um Chúram Sláinte’ (SHIF) an chéad uair a leagadh amach creat uileghabhálach d'infheistíocht bhonneagair sa tseirbhís um chúram sláinte phoiblí. Baineann SHIF úsáid as Ordlathas Idirghabhála, le ceithre rogha leis. Tá prionsabal an Chontanaim Chúraim (fís Sláintecare) mar bhonn taca leis agus tá sé Chritéar Infheistíochta ann trína ndéanfar measúnú ar gach togra infheistíochta caipitil san earnáil sláinte poiblí.

Soláthraíonn SHIF creat uileghabhálach bunaithe ar phrionsabail ardleibhéil ar bonn fianaise-bhunaithe, trédhearcach agus réasúnach é chun measúnú a dhéanamh ar thograí infheistíochta caipitil. Tugann sé aghaidh ar dhúshláin lena n-áirítear tionscadail chaipitil nach bhfuil ina réitigh iontu féin, ach iad mar chuid den fhreagairt fhoriomlán ar riachtanas atá faoi stiúir seirbhíse. Tá sé mar aidhm ag SHIF a chinntiú go bhfuiltear ag dul i ngleic leis an bhfadhb cheart tríd an réiteach ceart.

Tá tionchar ag raon leathan anailíse tacaíochta ar an SHIF féin, lena n-áirítear méid taighde atá cuimsitheach agus a coimisiúnaíodh é ó Sheirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann (IGEES), a bhfoilsítear a dtorthaí i sraith Páipéar Athbhreithnithe Caiteachais 2021 agus 2022. Tá coincheap na táirgiúlachta feabhsaithe, agus an ceanglas maidir le táirgiúlacht fheabhsaithe, leabaithe agus intuigthe i nádúr agus i gcomhchodanna SHIF.

Cinnteoidh SHIF go mbeidh tograí a forbraíodh agus a ndéanfar dul chun cinn orthu i gcomhréir le físeanna agus cuspóirí beartais náisiúnta agus earnála agus go soláthróidh siad réitigh bhonneagair is fearr chun tacú le cúram sláinte a sholáthar.

Creat Infheistíochta Straitéiseach um Chúram Sláinte
Amharc amharc