Creat Rialachais don Roinn Sláinte
- Foilsithe: 21 Aibreán 2016
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2020
Tá sé mar aidhm ag an gCreat Rialachais seo forbhreathnú soiléir a sholáthar ar phríomhghnéithe an rialachais chorparáidigh laistigh den Roinn Sláinte.
Dréachtaítear an Creat Rialachais de réir an Chaighdeáin Rialachais Chorparáidigh don státseirbhís. Comhlánaíonn sé na socruithe rialachais don roinn, a leagann cúig phríomhphrionsabal rialachais béim orthu. Féadfaidh an Creat teacht chun cinn le himeacht ama le hathruithe i mbeartas an Aire nó i mbeartas an Rialtais, ach i gcónaí ba cheart go soláthródh sé bunús cuimsitheach ar a bhforbróidh beartais agus gníomhartha na roinne de réir na bprionsabal seo den dea-rialachas.
Leagtar amach sa Chreat freisin na gnéithe a ndéanfar comhlíonadh an Chaighdeáin Rialachais Chorparáidigh a thomhas ina gcoinne.