English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cur Chuige i dtreo Tacaí Cúraim Pobail a Fhorbairt do Dhaoine a bhfuil Titimeas orthu in Éirinn

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 8 Feabhra 2021

Tá Titimeas Éireann ag tacú le daoine a bhfuil titimeas orthu le féinbhainistiú a dhéanamh ar a riocht, ar an gcaoi sin an t-éileamh ar an gcóras géarchúraim a laghdú.

Cuireann an tionscadal nuálach seo atá á mhaoiniú trí Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare seisiún oideachais domhain ar fáil d’othair go gairid tar éis dóibh diagnóis Titimis a fháil.

Leigh Nios mo

Tá othair le diagnóis nua Titimis á n-atreorú chuig an idirghabháil go gairid tar éis a gcéad choinne chliniciúil. Freastalaíonn siad ar chomhsheisiún oideachais ar líne le Speisialtóir Altra Titimis (ENS) nó Ardchleachtóir san Altranas (ANP) agus Oifigeach Acmhainní Pobail ó Titimeas Éireann. Cuirtear seisiún domhain oideachais ar fáil dóibh a chuimsíonn raon ábhar a chuimsíonn diagnóis, cógais, spreagthóirí taomanna, stíl mhaireachtála, fostaíocht/oideachas, cuimhne, cognaíocht agus folláine.

“Seo deis thar a bheith luachmhar do daoine seisiún oideachais tiomnaithe a bheith acu. Bíonn sé deacair ag go leor daoine a fhaigheann diagnóis cuimhneamh ar an bhfaisnéis go léir a thugtar dóibh nuair a bhíonn siad trína chéile tar éis an diagnóis a fháil. Tugann na seisiúin ghinearálta oideachais seo maidir le titimeas níos mó ama don Speisialtóir Altra Titimis an fhaisnéis a bhriseadh síos go mion don othar ionas gur féidir leis/léi a riocht a bhainistiú i gceart”.

Tugann an seisiún seo an t-eolas agus an fhaisnéis don othar a chabhróidh leis/léi féinbhainistiú a dhéanamh ar a riocht. Téann an tOifigeach Acmhainní Pobail i ngleic le heagla agus imní láithreach na n-othar agus tugann sé treoir, tacaíocht agus suaimhneas dóibh le linn a n-aistear. Is bhuntáiste mór é an strus a bhíonn ar othair a laghdú tar éis dóibh diagnóis a fháil toisc gur féidir le strus agus imní taomanna a spreagadh.

“Tá eolas liachta ag an Speisialtóir Altra Titimis agus tá na hOifigigh Acmhainní Pobail atá fostaithe ag Titimeas Éireann eolach sna réimsí a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil an othair lena n-áirítear teidlíochtaí, stíl mhaireachtála agus spreagthóirí i measc nithe eile. Tá buntáistí an dá thrá ag baint leis an gcur chuige comhpháirteach seo agus faigheann rannpháirtithe tacaíocht leantach ón CRO tar éis an tseisiúin lena chinntiú go bhfreagraítear go hiomlán aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu”.

Sa chás go bhfuil géarghá le hidirghabháil trí atreorú ó chliniceoir, geallann Titimeas Éireann go gcuirfear seisiún duine le duine ar fáil don duine laistigh de 5 lá ón atreorú a fháil.

Trí sheisiún oideachais dhomhain a thairiscint d’othair go gairid tar éis dóibh diagnóis a fháil, soláthraítear an raon iomlán faisnéise a theastaíonn uathu chun cabhrú leo féinbhainistiú a dhéanamh ar a riocht.

Laghdaíonn sé seo an gá d’othair dul i dteagmháil arís leis an bhfoireann chliniciúil maidir le saincheisteanna neamhliachta agus ceisteanna ar féidir leis an Oifigeach Acmhainní Pobail déileáil leo.

Ciallaíonn sé seo go dtairgtear seirbhís iomlánaíoch titimis don othar trí chomhoibriú agus chomhiarrachtaí na bhfoirne cliniciúla agus bhall foirne Titimeas Éireann.

“Tá sé riachtanach go mbeadh cumas níos fearr ag othair agus baill teaghlaigh déileáil le taomanna gníomhacha. Ní bhíonn gá glaoch ar otharcharr i gcónaí ach tá sé ríthábhachtach go mbeadh an t-eolas agus an mhuinín ag duine dul i ngleic le taom é féin”.

Thuairiscigh na daoine a d’fhreastail ar na seisiúin oideachais trí na meastóireachtaí gur bhain siad leas as an idirghabháil. Baineann othair tairbhe as na hatreoruithe chuig an Oifigeach Acmhainní Pobail.

Nascann siad le duine lárnach a bhíonn in ann gealltanas a thabhairt go bhfaighidh siad coinne duine le duine laistigh de chúig lá má bhraitheann an cliniceoir go bhfuil an chéad seisiún oideachais eile rófhada ar shiúl.

Thuairiscigh 88% de na rannpháirtithe méadú ar a gcuid eolais faoina riocht agus bhí siad níos eolaí ar na rudaí a d’fhéadfadh taomanna a spreagadh agus conas iad sin a chosc.

Thuairiscigh 81% go raibh an fhaisnéis is gá acu chun a gcógas a bhainistiú níos fearr agus luaigh siad go raibh siad níos muiníní as a gcuid eolais ar rioscaí agus ar shábháilteacht maidir lena dtitimeas.

“Bíonn níos mó muiníne ag othair déileáil lena d-titimeas agus bíonn níos lú struis orthu. I gcás daoine áirithe cuireann strus le taomanna, mar sin is buntáiste mór dóibh strus a laghdú”.

Léireoidh an tionscadal nuálach seo atá maoinithe ag Sláintecare conas is féidir le cur chuige comhpháirteach idir baill foirne atá lonnaithe san ospidéal, cúram príomhúil agus an pobal oibriú le chéile, cur le hobair a chéile, dúbláil a íoslaghdú, an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní tearca, rud a uasmhéadóidh luach ar airgead agus a fheabhsóidh an leibhéal agus an doimhneacht teagmhála le daoine a bhfuil Titimeas orthu.

“Is obair foirne atá i gceist agus oibríonn na haltraí agus na CROanna le chéile chun an fhaisnéis a theastaíonn ó na hothair a thabhairt dóibh ag am a oireann dóibh ina dtithe féin. Is féidir leo beirt na seisiúin a chur in oiriúint don duine aonair chomh maith le seisiúin oideachais ghinearálta a sholáthar. Éiríonn na hothair níos muiníní agus bíonn sé de chumas orthu féinbhainistiú a dhéanamh mar thoradh ar an gcomhairle chomhsheasmhach, shimplí”.

Sleachta ó - Sinead Murphy, RANP, Ospidéal Beaumont.