Do Threoir maidir le Ithe Sláintiúil ag Úsáid na Pirimide Bia
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2012
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2020
Ar mhaith leat mothú go maith agus níos mó fuinnimh a bheith agat?
Ar mhaith leat meáchan sláintiúil a choinneáil agus cabhrú le do riosca a bheith tinn ó bhrú fola ard, colaistéaról ard, galar croí, diaibéiteas cineál 2, ailse agus galair ainsealacha eile a laghdú?
Tá ithe bia sláintiúil agus a bheith gníomhach go fisiciúil ar dhá cheann de na céimeanna is tábhachtaí is féidir leat a thógáil chun do shláinte a fheabhsú. Chun cabhrú leat é seo a dhéanamh, lean na Treoirlínte maidir le Ithe Sláintiúil, bain úsáid as an Treoir Pirimid Bia agus na Treoirlínte um Ghníomhaíocht Fhisiciúil.