FÓGRAÍ DE RÉIR ALT 20 DEN ACHT SLÁINTE (FOIRCEANNADH TOIRCHIS A RIALÁIL), 2018 TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2023
- Foilsithe: 28 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ritheadh an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018 (“Acht 2018”) ag Tithe an Oireachtais an 13 Nollaig 2018 agus shínigh an tUachtarán ina dhlí an 20 Nollaig 2018 é.
Is é príomhchuspóir Acht 2018 an dlí a leagan amach lena rialaítear rochtain ar fhoirceannadh toirchis in Éirinn. Ceadaítear leis foirceannadh toirchis a dhéanamh i gcásanna ina bhfuil baol ann don saol, nó dochar tromchúiseach do shláinte, na mná torraí, lena n-áirítear i gcás éigeandála; sa chás go bhfuil coinníoll ann ar dóigh go mbeidh bás an fhéatais a bheith mar thoradh air roimh nó laistigh de 28 lá breithe; agus gan srian suas le 12 sheachtain de thoircheas.
Tugadh isteach an tseirbhís leathnaithe maidir le foirceannadh toirchis faoi Acht 2018 an 1 Eanáir 2019.