Faireachas agus Feidhmíocht Sábháilteachta Othar
- Foilsithe: 4 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 27 Márta 2025
- Faireachas ar Shábháilteacht Othar
- An Córas Náisiúnta um Cháilíocht Cúraim Sláinte a Thuairisciú
- An Clár Náisiúnta um an Eispéireas den Chúram
Faireachas ar Shábháilteacht Othar
Úsáideann an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Othar (an ONSO) eochairshonraí sábháilteachta othar agus Príomhtháscairí Feidhmíochta (PTFanna) ó fhoinsí éagsúla tuairiscithe cáilíochta agus sábháilteachta othar a bhaineann le feidhmíocht chun faisnéis a fhorbairt agus eolas a sholáthar do thosaíochtaí agus tionscnaimh shábháilteachta othar.
Ní críochphointe é sonraí a bhailiú agus is tábhachtach go mbíonn meicníochtaí agus próisis dhaingne i bhfeidhm chun tacú le bailiú, bailíochtú, anailís agus úsáid sonraí. Tá faireachas ar shonraí faoi shábháilteacht othar mar chuid den phróiseas timthriallach feabhsaithe cáilíochta agus is féidir breithniú a dhéanamh ar thorthaí nuair a bheidh beartas á fhorbairt agus á mheasúnú agus nuair a bheidh monatóireacht á dhéanamh air amach anseo. D’fhéadfadh seo a bheith i gceist i measc cohóirt éagsúla othar, seirbhíse agus cliniciúla.
Déanann an ONSO, i ndlúthchomhar le príomhpháirtithe leasmhara, idirchaidreamh le hanailís agus le léirmhíniú ar shonraí faoi shábháilteacht othar, cáilíochta agus eispéiris chúraim chun tacú le heolas a sholáthar do bheartas.
An Córas Náisiúnta um Cháilíocht Cúraim Sláinte a Thuairisciú
Is é an Córas Náisiúnta um Cháilíocht Cúram Sláinte a Thuairisciú (NHQRS) creat táscairí sláinte na hÉireann a sholáthraíonn eolas a chuirtear ar fáil go poiblí ar cháilíocht chúraim sláinte. Ceadaíonn sé sonraí ar cháilíocht sheirbhís sláinte na hÉireann a roinnt go trédhearcach lenár n-othair, soláthraithe seirbhíse agus an lucht déanta beartas.
Foilseachán bunaithe é an NHQRS a thuairiscíonn ar réimse fairsing cothrom táscairí struchtúir, próiseas agus torthaí seirbhíse sláinte agus é mar chuspóir aige bealach a sholáthar chun comparáid a dhéanamh in aghaidh sonraí idirnáisiúnta agus caighdeáin agus dea-chleachtas lena nglactar go náisiúnta.
Soláthraíonn foilsiú thuarascáil an NHQRS meicníocht trínar féidir sonraí faoi cháilíocht struchtúir, próisis agus torthaí cúraim sláinte na hÉireann a chur i gcomparáid bliain ar bhliain, a léiríonn, in go leor cásanna, feabhsúcháin incriminteacha, agus ina dteastaíonn feabhsúcháin bhreise i limistéir áirithe chúraim.
Déanann an Coiste Rialachais maoirseacht ar an bpróiseas ina bhforbraítear gach tuarascáil agus tacaíonn an Grúpa Teicniúil leis. D’fhoilsigh an Roinn Sláinte chéad tuarascáil an NHQRS in 2015. Tá na tuarascálacha go léir ar fáil [external-link https://www.gov.ie/en/collection/5fd4f6-national-healthcare-quality-reporting-system-reports/. | anseo. ]
An Clár Náisiúnta um an Eispéireas den Chúram
Bunaíodh an Clár Náisiúnta um an Eispéireas den Chúram (an NCEP) in 2016 agus comhpháirtíocht thrípháirteach é idir an Roinn Sláinte, HIQA, agus FSS. Déanann sé maoirseacht ar shraith suirbhéanna ar eispéireas den chúram sláinte a fhorbairt, a thabhairt isteach agus a thuairisciú.
Tá mar chuspóir ag an NCEP an deis a sholáthar do dhaoine a úsáideann seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a n-eispéireas a roinnt, agus cabhróidh seo, ar a uain sin, le heagraíochtaí comhpháirtíochta na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- Cúram sláinte amach anseo a sholáthar agus a phleanáil
- Feabhas a chur ar cháilíocht an chúraim sláinte agus na sábháilteachta othar
- Feabhas a chur ar eispéireas othar agus úsáideoirí seirbhíse den chúram
Ó bunaíodh é, tá obair an NCEP á fairsingiú agus tá sí ag teacht chun cinn agus tá suíomhanna cúraim á gcuimsiú aici, ospidéil ghéarmhíochaine, seirbhísí máithreachais, méala máithreachais agus tithe altranais go dtí seo. Is féidir eolas breise a fháil ar an gClár Náisiúnta um an Eispéireas den Chúram [external-link https://yourexperience.ie. | anseo. ]