English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Feabhsúcháin ar chúram riospráide ainsealaí atá cistithe ag Sláintecare ar Lá Domhanda COPD, an 17 Samhain 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 22 Samhain 2021

Meastar go bhfuil Galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD) ar 500,000 duine in Éirinn agus go bhfuil galar measartha nó trom ar bhreis agus 200,000 duine agus nach dóchúil go ndéanfar ach an leath díobh a dhiagnóisiú. Imríonn COPD tionchar mór ar chaighdeán beatha an othair, na dteaghlach, agus na gcúramóirí, agus is gá cúram leanúnach leighis a sholáthar, freastal ar an ospidéal go minic agus is minic go mbíonn bás réamhaibí mar thoradh air. Faigheann ar a laghad 1,500 othar bás gach bliain den ghalar seo agus tugtar breis agus 15,000 othar chun ospidéil agus COPD orthu. Imríonn sé tionchar trom ar othair ach cuireann sé brú suntasach ar an tseirbhís sláinte freisin.

D’éirigh le Clár Athshlánaithe Scamhóige Pobalbhunaithe atá cistithe ag Sláintecare i gCúram Sláinte Pobail Thoir FSS seirbhís úrnua chomhtháite Athshlánaithe Scamhóige Pobail a chur i bhfeidhm i gCill Mhantáin. Atreoraítear othair ar a bhfuil riocht riospráide ainsealach, cosúil le COPD, chuig an gclár trína DG, Altraspeisialtóir Cliniciúil Cúraim Chomhtháite Riospráide nó foirne riospráide ospidéil atá faoi stiúir Comhairligh.

Deir Mary Gowing, Comhordaitheoir Tacaíochta Féinbhainistithe le haghaidh Riochtaí Sláinte Fadtéarmacha, Comhcheann Tionscadail, Cúram Sláinte Pobail an Oirthir:

“Soláthraíonn an tionscadal seo clár struchtúrach athshlánaithe scamhóige 8 seachtaine i suíomh an phobail dóibh siúd ar diagnóisíodh go bhfuil riochtaí riospráide orthu is cúis le míchumas feidhmiúil, cosúil le COPD agus Plúchadh. Aistríodh an clár ar líne mar gheall ar Covid 19 ach tá tús curtha leis arís le déanaí i bpearsan in Ionad Cúraim Phríomhúil Ráth Droma.”

Clár aclaíochta agus oideachais fianaisebhunaithe ildisciplíneach é athshlánú scamhóige a mhúineann daoine a bhfuil riocht riospráide fadtéarmach orthu na scileanna a theastaíonn uathu lena siomptóim a bhainistiú agus feabhas a chur ar a gcaighdeán beatha.

Deir Patricia Davis, Altraspeisialtóir Cliniciúil i gCúram Comhtháite Riospráide, Comhcheann Tionscadail, Cúram Sláinte Pobail Thoir freisin:

“Freastalaíonn rannpháirtithe ar ranganna dhá uair sa tseachtain, áit a méadaíonn siad a gcorpacmhainn fhisiciúil trí ranganna cleachtaidh agus trína fhoghlaim conas a riocht a bhainistiú trí shraith cainteanna oideachais. Thug taighde le fios go mbíonn caighdeán níos fearr beatha ag na hothair a chríochnaíonn athshlánú scamhóige agus gur lú is dóchúil go mbeidh siad le tabhairt chun ospidéil. Fágann siad an cúrsa freisin agus tuiscint i bhfad níos mó acu ar a riocht agus is féidir leo, ar an ábhar sin, é a bhainistiú níos éifeachtaí.”

Príomhthorthaí:

  • Cúram a sholáthar níos gaire don bhaile

Le teacht ar Chlár Athshlánaithe Scamhóige, bhí ar othair i nDeisceart Chill Mhantáin taisteal ar a laghad 80 ciliméadar chun freastal ar chláir i mBaile Átha Cliath. Laghdaigh seirbhís fhíorúil a sholáthar i gCill Mhantáin an gá go mór go raibh ar othair taisteal chun freastal ar ranganna agus laghdaigh sé an fad a taistealaíodh i gcás measúnuithe aghaidh ar aghaidh agus réamh-mheasúnuithe agus iarmheasúnuithe.

  • Eispéireas feabhsaithe othair agus corpacmhainn mhéadaithe fhisiciúil

“Ní dhéanfainn na cleachtaí mé féin, agus dá ndéanfainn, stopfainn leathbhealach. B’iontach go ndearnadh monatóireacht air an bealach go léir tríd. Is eol dom conas úsáid níos fearr a bhaint as m’análóirí agus táim ag siúl ar feadh i bhfad níos faide ar mo shiúlóid laethúil." – teistiméireacht othair.

Mar thoradh ar pháirt a ghlacadh sa Chlár Athshlánaithe Scamhóige seo, thug rannpháirtithe le fios gur bhain siad leibhéil mhéadaithe chorpacmhainne amach, go raibh níos lú eagla orthu go dtiocfadh giorra anála orthu, gur bhain siad níos mó eolais amach faoina riocht agus conas é a bhainistiú agus gur atreoraíodh iad go seirbhísí eile, faoi mar ba ghá, e.g., seirbhísí síceolaíochta.

  • Comhtháthú feabhsaithe an chúraim

Thug an Rannóg Athshlánaithe Scamhóige in Ospidéal Naomh Mícheál agus Altraspeisialtóir Cliniciúil - Cúram Comhtháite Riospráide tacaíocht don fhoireann a sholáthair oiliúint do na Fisiteiripeoirí, anuas ar an Lia Comhairleach Riospráide rialaithe a rinne athbhreithniú ar chásanna agus ar bheartais faoi mar ba ghá.

  • Aiseolas dearfach ó DGanna

“Bhí eispéireas dearfach agam den chlár athshlánaithe. Tá othair buíoch den tseirbhís áitiúil agus is dóchúla go nglacfaidh siad páirt ann i gcomparáid le taisteal go Baile Átha Cliath. Ó thaobh cúrsaí cliniciúla de, tugtar an tairbhe faoi deara i dtaobh leibhéal méadaithe muiníne agus tagann feabhas ar chaighdeán na beatha.” – an Dr Tom Finnegan, DG áitiúil

  • Aiseolas dearfach ó Chomhairligh

“Cheadaigh tabhairt isteach an chlár thábhachtaigh seo d’othair a bhfuil galar ainsealach scamhóige orthu athshlánú scamhóige a fháil, arb idirghabháil é a chruthaítear a fheabhsaíonn caighdeán na beatha agus a laghdaíonn básmhaireacht, ina bpobal féin. Gné thábhachtach é gaireacht d’ionad athshlánaithe scamhóige a imríonn tionchar ar an méid othar a chloíonn leis na cláir athshlánaithe agus a chríochnaíonn iad. Tá sárthorthaí tugtha faoi deara againn ón gclár pobalbhunaithe seo i dtaobh rannpháirtíochta agus tairbhí cosúil le siomptóim, caighdeán na beatha agus féinbhainistiú feabhsaithe." - an Dr Sarah O'Beirne, Lia Comhairleach Riospráide in Ospidéal Naomh Mícheál agus Naomh Uinseann

  • Scileanna digiteacha a fheabhsú

“De réir mar a d’aistrigh an clár ó sholáthar aghaidh ar aghaidh go soláthar ar líne, chuir sé deis luachmhar ar fáil dom cur le mo scileanna TF. Rinne mé oideachas fíorúil othar a fhorbairt agus a sholáthar maidir le coinneálacht, bainistiú tuirse agus aclaíocht. Rinne mé naisc freisin le comhghleacaithe riospráide i suíomhanna ospidéil agus pobail ina gcuirtear cúram comhtháite chun cinn.’ - Mary Burke, Fisiteiripeoir Sinsearach san Fhoireann Athshlánaithe Scamhóige

  • Comhtháthú le Grúpa Tacaíochta COPD Chill Mhantáin

Thacaigh an fhoireann Athshlánaithe Scamhóige le hathbhunú ghrúpa tacaíochta COPD Chill Mhantáin trí oibriú le Tacaíocht COPD Éireann (COPD Support Ireland), ionadaithe othar áitiúla agus trí rannpháirtithe in AS a éascú isteach sa ghrúpa tacaíochta tar éis gur tháinig deireadh leis an athshlánú.

  • Conairí comhtháite

Bunaíodh conair atreoraithe go dtí Seirbhísí Síceolaíochta Cúraim Phríomhúil Chill Mhantáin do rannpháirtithe an chláir Athshlánaithe Scamhóige a bhfuil scóir shuntasacha imní agus dhúlagair bainte amach acu.

In ainneoin na ndúshlán a chruthaigh Covid 19, d’éirigh leis an tionscadal seirbhís chomhtháite phobalbhunaithe a sholáthar agus tá sé á phríomhshruthú anois tríd an gclár Cúraim Pobail Bhreisithe agus dírítear ar an gcúram a aistriú amach as na hospidéil agus daoine a choimeád níos gaire don bhaile.

Deir Muthuraman Krishnamoorthy, Fisiteiripeoir Sinsearach, FSS, agus an tionscadal á sholáthar aige:

“B’iomaí dúshlán a chruthaigh Covid 19 dúinn, aistriú go ranganna fíorúla san áireamh, ach sháraíomar a bhformhór mór díobh agus tá ranganna á gcur ar siúl arís againn i bpearsan in Ionad Cúraim Phríomhúil Ráth Droma. Fuaireamar aiseolas an-dearfach ó rannpháirtithe agus dúirt othair go ndearna an clár athrú ollmhór ina saol agus gur bhraith siad i bhfad níos aclaí agus i bhfad níos muiníní. Ag féachaint chun cinn, tá súil againn leanúint le samhail mheasctha inbhuanaithe i bpearsan agus chianda a chur ar fáil chun an clár a sholáthar.”

*CRÍOCH*

EOLAS FAOI COPD

Galar na scamhóg é galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD) a bhfuil bac aershreibhe mar shaintréith de agus d’fhéadfadh gearranáil nó tuirse a bheith mar thoradh air mar gheall go mbíonn tú ag oibriú níos déine le hanálú. Cé gur galar é ar féidir cosc a chur air, is gnách go dtosaítear leis na hothair a nochtadh do gháis agus cáithníní a ion-análaítear, mar shampla, deatach tobac, is cúis le 85-90% de na cásanna, go leor blianta sular féidir galair shiomptómacha a bhrath. Téarma é COPD a úsáidtear le broincíteas ainsealach, eimfiséime nó meascán den dá riocht a chur in iúl.

Eolas Breise: https://goldcopd.org/world-copd-day/ agus www.copd.ie