English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Foireann Chéadfhreagartha Chill Mhantáin do Dhaoine Leochaileacha (Frailty First) - Cúram daoine breacaosta a aistriú ó thimpeallachtaí ospidéil go dtí a dtithe féin

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 13 Samhain 2020

Bhain 20% de na glaonna a cuireadh ar an otharcharr i gceantar Chill Mhantáin le hothair a thit agus rinneadh beagnach gach duine díobh a iompar go dtí a Rannóg Éigeandála áitiúil. Thug Tionscadal Daoine Leochaileacha Chill Mhantáin faoin gcóras traidisiúnta a athchóiriú, trí fhoireann oilte a sholáthar chun freagairt do ghlaonna ina raibh daoine fásta breacaosta bainteach tríd an saineolas a thabhairt chuig na hothair ina dtithe féin.

Cuireann an tsamhail nua seo de chúram mearfhreagairt ar fáil ag Cláraitheoir Leighis Éigeandála, Teiripeoir Saothair agus Ard-Pharaimhíochaineoir a fhreagraíonn glaonna i gCill Mhantáin/Baile Átha Cliath Theas ina mbaineann Daoine Breacaosta, a d’fhulaing titim mheánghéire agus a dteastaíonn cúram créachta agus cúram éigeandála eile uathu. Tugtar cúram d’othair ina dtithe féin nó ina ngnátháit chónaithe agus is féidir freastal ar an Rannóg Éigeandála (an RÉ) agus iad a thabhairt isteach san ospidéal a sheachaint/a chur siar i gcás fhormhór na n-othar.

Bhí súil leis, ag tús an tionscadail seo, go dtiocfadh laghdú 50% ar an méid daoine breacaosta a ghlaonn ar 999 agus a thugtar go dtí an t-ospidéal. Casadh le 256 othar sna chéad 29 deireadh seachtaine ina raibh an tionscadal á oibriú agus rinneadh 83% de na hothair go léir a bhainistiú ina dtithe féin agus níor ghá dóibh freastal ar an RÉ/an Ospidéal. Tugadh 16.4% d’othair go dtí an t-ospidéal chun cóireáil bhreise a chur orthu nó imscrúdú breise a dhéanamh orthu.

I rith na chéad toinne de phaindéim COVID, bhíothas buartha go raibh líonta ní b’ísle de dhaoine fásta breacaosta ag freastal ar an RÉ mar gheall ar shrianta cocúnaithe agus bhí éileamh ní ba mhó ann i measc na dTithe Altranais máguaird. Ba bheag rogha a bhí ag na hothair seo chun teacht a fháil acu ar chúram éigeandála, agus síneadh an tseirbhís deireadh seachtaine isteach i seirbhís i rith na seachtaine dá bharr. Trí úsáid a bhaint as tionscadal Sláintecare mar an mbonn, tá seirbhís mhionathraithe á soláthar ag an tionscadal seo anois ó Luan go hAoine agus thug siad cuairt go dtí seo ar beagnach 1,200 othar, agus d’éirigh le breis agus 90% díobh cuairt a thabhairt ar an ospidéal a sheachaint agus fanacht ina ngnátháit chónaithe.

Déanann dochtúir leighis éigeandála agus ard-pharaimhíochaineoir tástálacha fola, leictreacardagram (ECG) agus ultrafhuaim chun cásanna tromchúiseacha a chur as an áireamh, agus iontrálacha go dtí an t-ospidéal a sheachaint. Is féidir tástáil ag an láthair cúraim, ultrafhuaimeanna agus leictreacardagraim a dhéanamh mar chuid den mheasúnú cliniciúil agus ceadaíonn siad diagnóis chruinn a dhéanamh agus pleananna cóireála a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Déanfaidh teiripeoir saothair (TS) speisialtóra measúnú ar an timpeallacht agus cuirfidh siad aon trealamh agus áiseanna riachtanacha ar fáil. Fiosróidh an fhoireann bunchúiseanna na titime agus déanfaidh siad idirghabháil chun riosca amach anseo a laghdú. Fad a bhíonn siad ar an láthair, sainaithneofar iad siúd atá leochaileach, agus sainaithneofar an gá atá le tacaíocht agus cúram leanúnach.

Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an Tionscadal agus tá difear gníomhach á dhéanamh aige do leochaileacht a aithint agus a bhainistiú, cúram a chomhordú agus othair leochaileacha bhreacaosta a éascú, sa chás gur féidir, chun leanúint de bheith neamhspleách trína riachtanais chúraim a shainaithint ón tosach agus conairí cúraim a chur i bhfeidhm chun iad a bhainistiú.

Déantar othair a thabhairt chuig na seirbhísí is oiriúnaí chun freastal ar a riachtanais agus moilleanna agus iontrálacha ospidéil neamhriachtanacha á seachaint agus seirbhísí a sholáthar chomh gar don othar agus is féidir, ar aon dul le prionsabail Sláintecare.

Comhthionscnamh idir Ospidéal Naomh Uinseann (SVUH), Ospidéal Naomh Colm Cille, an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna agus Cleachtas Ginearálta é an tionscadal seo, a chistítear trí Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare.