Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Glao ar Aighneachtaí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Nollaig 2023
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

Tá an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí do Ghlao ar Aighneachtaí NSAC 2025 caite anois.

Ba mhaith leis an NSAC buíochas a ghabháil leo siúd a thóg an t-am chun aighneacht a dhéanamh, rud a chuireann le hobair thábhachtach an Choiste. Déanfar
Clár Oibre NSAC a nuashonrú a luaithe a bheidh na tograí a fuarthas tríd an nGlao 2025 breithnithe ag an gCoiste.

D’fhógair an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Scagthástáil a cheathrú Glao ar Aighneachtaí ar an 30 Meitheamh 2025.

Cuireadh fáilte roimh thograí maidir le cláir scagthástála nó athruithe ar cheann de na 6 chlár scagthástála atá ann cheana féin in Éirinn:

Ba é 5i.n., Dé hAoine an 12 Meán Fómhair, an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí don Ghlao. Más mian leat fiosrú a dhéanamh faoi stádas d’aighneachta nó má tá aon cheist eile agat maidir leis an nGlao ar Aighneachtaí, seol ríomhphost chugainn le do thoil: NSAC_Secretariat@health.gov.ie

Déanfaidh an Rúnaíocht teagmháil dhíreach leis na hiarratasóirí, a luaithe a bheidh na haighneachtaí a fuarthas breithnithe ag an NSAC.

Tá stádas na n-aighneachtaí a fuarthas trí Ghlaonna roimhe seo ar fáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat