English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Grúpa Tagartha- An Coimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 26 Samhain 2024

Tugann Téarmaí Tagartha an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta gealltanas go mbunófar ‘Grúpa Tagartha d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus den tsochaí shibhialta agus príomhpháirtithe leasmhara eile atá ag obair sa réimse, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil taithí saoil acu chun ‘dul i ngleic, i gcáil chomhairleach, leis an gCoimisiún agus leis an nGrúpa Tras-Rannach, arna bhunú faoina choimirce’. Dá réir sin, cuirfidh an Grúpa Tagartha bealach cumarsáide ar fáil idir an Coimisiún agus an tsochaí i gcoitinne.

Cuirfear obair an Ghrúpa Tagartha chun cinn trí chruinnithe iomlánacha náisiúnta, a thionólfar go débhliantúil, agus trí ghrúpaí fócais téamacha.

Ullmhóidh Cathaoirleach an Ghrúpa Tagartha, le tacaíocht ón rúnaíocht, tuarascálacha i scríbhinn ar imeachtaí na gcruinnithe iomlánacha náisiúnta agus na ngrúpaí fócais téamacha lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

Tá na Téarmaí Tagartha do Ghrúpa Tagartha an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta ar fáil anseo thíos.

Commission on Care - Reference Group - Terms of Reference
Amharc amharc

Ballraíocht i nGrúpa Tagartha an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta

The Alzheimer Society of Ireland Acquired Brain Injury Ireland
Active Retirement Ireland Age & Opportunity
Age Action All Ireland Institute of Hospice & Palliative Care
Alone Arthritis Ireland
Assoc. Occupational Therapists Ireland Care Alliance Ireland
Céile Care Chime
Community and Voluntary Pillar CORU
Disability Federation of Ireland Family Carers Ireland
Health Informatics Society of Ireland (HISI) Home and Community Care Ireland
Huntington's Disease Association of Ireland Inclusion Ireland
Irish Association of Social Workers Irish College of General Practitioners
Irish Council for Social Housing Irish Dental Association
Irish Heart Foundation Irish Hospice Foundation
Irish Motor Neurone Disease Association (iMNDA) Irish Patients Association
Irish Pharmacy Union Irish Rural Link
Irish Senior Citizens Parliament Irish Society of Chartered Physiotherapists
Irish Traveller Movement Irish Wheelchair Assoc.
LGBT Ireland Medical Council
Mental Health Ireland Migrant Rights Centre Ireland
MS Ireland National Community Care Network
National Federation of Voluntary Service Providers National Network Older People's Councils (individuals with lived experience representing each of the OPC)
National Public Participation Network Advisory Group Neurological Alliance of Ireland (NAI)
Nursing and Midwifery Board of Ireland Nursing Homes Ireland
Parkinson’s Ireland Pavee Point
Pre-Hospital Emergency Care Council Rehab Group
Royal College of Physicians of Ireland Safeguarding Ireland
Sage Advocacy Social Justice Ireland
The Alliance The Wheel
Third Age

Ballraíocht amhail an 30ú Iúil 2024. Ba chóir a thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis na Téarmaí Tagartha, go bhféadfadh athrú teacht ar bhallraíocht an Ghrúpa Tagartha le linn shaolré obair an Choimisiúin.