Laghdú 75% ar uaigneas i measc daoine aosta a bhuíochas leis an gclár AgeWell
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2020
Is samhail nua, nuálach agus dhuaisbhuaiteach le haghaidh cúram comhtháite é AgeWell, a thacaíonn le daoine níos sine fanacht níos sábháilte agus níos sláintiúla ina mbailte féin. Déantar é seo trí chaidreamh a bhunú le gach duine níos sine sa bhaile, agus glactar leis nach n-oireann aon chur chuige amháin do gach duine, agus go mbunaítear caidreamh iontaobhach, éifeachtach de réir a chéile, bunaithe ar chneastacht agus ar chúram.
Le 18 mí anuas, ó thráth a bhunaithe, thug 75% de na cliaint le fios gur laghdaigh an t-uaigneas, agus as an 25% a measadh a bheith i mbaol i Márta 2018, ní mheastar go bhfuil aon chliant i mbaol inniu. Ó 2018, tá 5,500 cuairt tugtha ar 255 cliant. Bhuaigh AgeWell Gradam um Nuálaíocht Shóisialta in 2018.
Tá Compánaigh AgeWell earcaithe agus oilte ag AgeWell, clár de chuid na heagraíochta seachbhrabúsaí, Third Age, a bhfuil Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare ag tacú leis, chun comhrá agus cairdeas a sholáthar trí chuairteanna baile agus glaonna teileafóin.
Úsáideann na Compánaigh uirlis scagtha sláinte-bhunaithe, atá cruthaithe ag geirinteolaithe chun faisnéis a bhailiú ar bhonn leanúnach faoi shláinte fhisiciúil/meabhairshláinte agus folláine cliant. Má tá aon chúis imní ann, déantar an fhaisnéis ábhartha faoin gcliant a tharchur le haghaidh gníomh cuí, san áit cheart ag an am ceart, rud a sholáthraíonn córas réamhrabhaidh. Áirítear ina measc atreoruithe chuig oibrithe sóisialta, cógaslann, altra sláinte poiblí, seirbhísí cothaitheacha agus eile. Tagann 77% de na hatreoruithe chuig AgeWell ó FSS, agus is é an aidhm atá leis an gclár cliaint a chumasú chun fanacht ag maireachtáil ina mbailte agus ina bpobail féin chomh fada agus is féidir.
Is é an measúnú ginearálta atá déanta ag teaghlaigh a bhfuil daoine aosta muinteartha leo páirteach sa chlár ‘nach féidir luach a chur ar an tseirbhís atá á soláthar ag AgeWell’.
Tá Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare ag tacú le AgeWell ón ráithe deiridh de 2019. Chuir an tacaíocht seo ar chumas chlár AgeWell forbairt chomh fada le hOirthear na Mí, rud a chiallaíonn go bhfuil an clár ar fáil do gach duine níos sine i gCo. na Mí anois.
Cuireadh tús leis an gclár i Márta 2018 nuair a rinneadh measúnú bonnlíne ar chliaint. Fiú amháin laistigh den chéad cheithre mhí, thug meastóireacht tosaigh le fios go raibh feabhas suntasach le tabhairt faoi deara i ngach paraiméadar a bhí ag tomhas uaigneas, folláine, tacaíocht shóisialta, gníomhaíocht sláinte agus fhisiciúil féinrátáilte. Níos tábhachtaí fós fiú, tá na feabhsuithe seo fós ag tarlú. 18 mí níos déanaí, thug 75% de na cliaint le fios gur laghdaigh an t-uaigneas, agus as an 25% a measadh a bheith i mbaol i Márta 2018, ní mheastar go bhfuil aon chliant i mbaol inniu. Is fianaise é seo ar an luach a bhaineann le clár ceannródaíoch a nascann forbairt caidreamh le monatóireacht leanúnach sláinte.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Avril Hevey, Bainisteoir AgeWell:
‘D’fhéadfadh go mbeadh ár gcliaint uaigneach mar gheall ar go leor cúiseanna éagsúla. Tá cliaint áirithe scoite amach i gceantair thuaithe. Tá cliaint eile fós ina gcónaí i gceantair ina bhfuil an daonra níos airde, ach b’fhéidir nach bhfuil cónaí orthu ansin ar feadh i bhfad, nó b’fhéidir go bhfuil siad leochaileach agus nach mbíonn fonn orthu an teach a fhágáil, agus nach bhfuil aon aithne acu ar a gcomharsana. Tá go leor cliant leo féin anois mar go bhfuil a gcéile tar éis bháis i ndiaidh dóibh blianta fada sona a chaitheamh pósta lena chéile, agus uaireanta bíonn daoine mar seo an-uaigneach’.
‘Tá teaghlaigh iontacha ag go leor de na daoine seo, ach ní féidir leo a bheith taobh leo an t-am ar fad. Bíonn baill teaghlaigh áirithe amuigh ag obair i rith an lae, nó ní bhíonn cónaí orthu taobh lena chéile, agus bíonn orthu aire a thabhairt dá dteaghlaigh féin freisin’.
Tá mionlach de chliaint AgeWell, cosúil leis an daonra trí chéile, ag maireachtáil i dteaghlaigh ag a bhfuil fadhbanna sóisialta casta, agus d’fhéadfadh duine níos sine, atá tinn agus atá gan ghlór, cur leis na fadhbanna seo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Avril Hevey freisin,
‘Uaireanta, bíonn sé níos éasca labhairt le duine éigin lasmuigh den teaghlach, agus is sa chomhthéacs seo a bhaineann tábhacht le hiontaoibh. Tá míonna caite ag ár gCompánaigh ag tabhairt cuairt ar a gcliaint gach seachtain, ag cur aithne orthu, ag forbairt caidrimh leo, agus ar an tslí sin, tugtar deis cainte do na cliaint. Chomh maith leis sin, faigheann ár gCompánaigh an treoir a theastaíonn uathu uainne chun cur ar a gcumas tacú leis an gcliant agus cabhrú leis an gcliant le rudaí áirithe’.

Is Compánach AgeWell í Ita Healy. Is altra cáilithe í, tá Dioplóma sa Chúram Sóisialta aici, agus bhí sí i mbun an Ionaid Lae in Ospidéal Iósaf, Baile Átha Troim a bhainistiú sula ndeachaigh sí ar scor. Tá sé chliant AgeWell ag Ita agus tá sí ag tabhairt cuairt orthu le breis is dhá bhliain anuas. Bhí an méid seo a leanas le rá aici, ‘is cairde muid agus d’fhorbair an cairdeas seo de réir a chéile. Braitheann sé ar an duine. Bhí cliant amháin a bhí lánsásta glaoch orm agus tamall a chaitheamh i mbun comhrá liom. Ansin, thart ar thrí mhí ina dhiaidh sin, bhí cliaint ar a gcompord i mo chomhluadar agus thosaigh siad ag plé ceisteanna a bhí ag déanamh imní dóibh go pearsanta liom’.
‘Ag an tús freisin, ba mhór an chabhair an aip sláinte agus folláine. Nuair a fhreagraíonn daoine na ceisteanna insíonn siad go leor fúthu féin dúinn agus is túsphointe maith é seo’.
‘Chomh fada is a bhaineann le huaigneas, ní chuirfeadh mórán cliant in iúl go bhfuil siad uaigneach, b’fhéidir nach dtuigeann siad go bhfuil, ach go minic ní bheadh aon duine ar comhaois leo ar eolas acu a bhféadfaidís tamall a chaitheamh i mbun cainte leo. Tá go leor dá gcairde féin imithe ar shlí na fírinne anois. Bíonn siad lánsásta a gcuimhní cinn a roinnt liom, agus tugaim cluas éisteachta dóibh agus tá bá agam leo’.
‘Is clár iontach é AgeWell. Sílim gurb é an buntáiste is mó a bhaineann leis nach oibrithe deonacha muid, táimid oilte, táimid an-díograiseach, agus tá neart tacaíochta á fáil againn ó Third Age’.
Tá AgeWell ag feidhmiú sa Mhí i láthair na huaire. Tá spéis léirithe ag leor daoine sa chlár agus tá sé beartaithe an clár a fhorbairt a luaithe a bheidh maoiniú ar fáil.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait seol ríomhphost chuig agewell@thirdageireland.ie nó tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin ag www.thirdageireland.ie