Laghdaíodh liostaí feithimh um Chliseadh Croí ó 6 mhí go 6 seachtaine a bhuí le seirbhísí sláinte na Gaillimhe sa phobal
- Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 21 Meán Fómhair 2021
Ní bheidh ar othair i nGaillimh an oireadh uaireanta a chaitheamh ag taisteal, agus na céadta euro a chaitheamh i gcostais taistil anois gur féidir leo rochtain a fháil ar ghnáthsheiceálacha croí agus ar chúram níos gaire don bhaile. Soláthraíonn an tseirbhís nua seo, arna maoiniú ag Sláintecare, diagnóisic cliseadh croí agus cúram sa phobal, rud a chiallaíonn gur féidir le hothair turas chuig Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe a sheachaint.
Tá Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe ag rith na seirbhíse pobalbhunaithe seo le hIonaid Chúraim Phríomhúil i dTuaim, sa Ghort, i gClár Chlainne Mhuiris agus i gCathair na Gaillimhe, a ligeann d’othair cúram a fháil níos gaire don bhaile in Ionad Cúraim Phríomhúil. Is féidir le Dochtúirí Teaghlaigh a n-othar a bhfuil Cliseadh Croí amhrasta orthu a tharchur go díreach chuig an tseirbhís le haghaidh tástálacha agus diagnóise. Mar gheall air seo, beidh sé níos éasca d’othair rochtain a fháil ar ghnáthchúram a bhaineann lena riocht croí.
Tá an tsamhail nua chúraim seo ag laghdú brú ar sheirbhísí ospidéil ar nós Cairdeolaíocht Othair Sheachtraigh (OPD), an Roinn Éigeandála (ED) agus Aonaid Ghéarmhíochaine Leighis (AMU).
Taispeánann torthaí le déanaí ón tseirbhís:
- Tá tástálacha diagnóiseacha faighte ag os cionn 1,000 othar tríd an tseirbhís;
- Tá 88% d’othair na seirbhíse tar éis atreorú ó dhochtúir teaghlaigh;
- Fuair 89% d’othair tástálacha laistigh de 6 seachtaine ón atreorú;
- Bhí coinní ag 55% i gceann coicíse nó níos lú.
Cuirtear é seo i gcomparáid le hamanna feithimh coitianta 20-26 seachtaine don tseirbhís ospidéil.
Tá othair agus Dochtúirí Teaghlaigh thar a bheith sásta leis an tseirbhís:
- Bhí 95% d’othair sásta nó an-sásta leis an tseirbhís;
- D’aontaigh 94% de Dhochtúirí Teaghlaigh nó d’aontaigh siad go láidir gur laghdaigh an tseirbhís atreorú chuig othair sheachtracha cairdeolaíochta;
Le seirbhísí comhcheangailte idir an rannóg chairdeolaíochta in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe agus Ionaid Cúraim Phríomhúil sa phobal, ligtear d’obair leantach thapa a dhéanamh nuair a bhíonn cúram breise ag teastáil ó othar.
Chiallaigh sé seo go raibh othar amháin, a raibh cúram breise de dhíth air tar éis tástála Ionad Cúraim Phríomhúil, ábalta coinne san Aonad Géarmhíochaine a fháil an tseachtain chéanna, gur thosaigh sé a chógas agus a chúram láithreach, agus go bhfuil sé le teacht ar ais le haghaidh cúraim leantaigh, agus gan air dul trí OPD nó ED.
Faoi láthair oibríonn an tseirbhís ó chúig chlinic i dTuaim, Clár Chlainne Mhuiris, sa Ghort agus péire i gcathair na Gaillimhe. Is féidir leis an bhfoireann na suíomhanna seo a rochtain laistigh de 45 nóiméad, agus ar an gcaoi sin an líon sliotán diagnóiseacha atá ar fáil a uasmhéadú. Tá an tseirbhís ag soláthar rochtana dírí do dhochtúirí teaghlaigh ar dhaichead sliotán diagnóiseacha in aghaidh na seachtaine.
Soláthraíonn foireann na bhFiseolaithe Cairdiacha an tseirbhís, faoi thacaíocht chliniciúil na Cairdeolaithe Comhairleacha, ó Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe, ag rothlú amach chuig na hionaid. Tá creidiúnú aitheanta go hidirnáisiúnta ag na Fiseolaithe Cairdiacha a sholáthraíonn an tseirbhís i gCardagrafaíocht Mhacalla. Leis seo agus in éineacht lena bheith faoi rialachas cliniciúil an ospidéil, tugtar dearbhú cáilíochta gaolmhar. Tá tacaíocht chliniciúil agus rialachas na Cairdeolaithe Comhairleacha ríthábhachtach, i dtéarmaí a gcuid saineolais ar chásanna níos deacra agus leanúnachas cúraim i mbealaí atreoraithe.
Cúlra
Díríodh sa Tuarascáil Sláinteacre agus an cur chuige beartaithe, atá corpraithe ag an mantra “Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart” ar níos mó cúraim a aistriú isteach sna pobail, níos gaire do thithe na n-othar.
Ligeann rochtain dhíreach do dhochtúirí teaghlaigh ar dhiagnóisic cóireáil a chur ar othair i suíomh pobail, gan dul chuig an ospidéal ach nuair is gá, go gcomhlíonann sé fís Sláintecare maidir le cúram a aistriú go cuí, amach ó mhúnla ospidéal-lárnach.
Ciste Comhtháthaithe Sláintecare
In 2019, thug Sláintecare cuireadh do gach ball foirne agus eagraíocht cúram sláinte smaointe a chur isteach chun rochtain a fháil ar chuid de chiste € 20m do thionscadail lena ndéanfaí cúram a chomhtháthú ar fud na seirbhíse sláinte. Bhí béim ar leith ar thionscnaimh a thacódh leis an aistriú go cúram pobalbhunaithe agus a chuideodh le cuairteanna ar ospidéil a laghdú agus a chosc. D’éirigh leis an rannóg chairdeolaíochta in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe maidir lena chur i bhfeidhm agus fuair sí tacaíocht ó Sláintecare chun tús a chur lena gClár Diagnóisice Cairdiach Pobail, ag maoiniú meaisín cardagrafaíochta macalla iniompartha, ar chomhchaighdeán leis an meaisín ospidéalbhunaithe agus deich monatóir croí (R-tástáil). Cumhdaíodh freisin tuarastal Fiseolaí Cairdiach Sinsearach, a dhéanann agus a thuairiscíonn na cairdeagraim mhacalla agus post riaracháin.