Maidir leis an gCoimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2025
Tá an Rialtas tiomanta do thacú le daoine scothaosta maireachtáil go neamhspleách chomh fada agus is féidir; do sholáthar cúraim chomhtháite tráthúil, ardcháilíochta, duinelárnach, sa suíomh is oiriúnaí do gach duine scothaosta; agus do thacú le haosú dearfach. Agus an tionchar diúltach díréireach atá ag an bpaindéim ar dhaoine scothaosta á aithint, tá gealltanas sa Chlár don Rialtas: Ár dTodhchaí le Chéile (2020) go mbunófar ‘coimisiún chun scrúdú a dhéanamh ar chúram agus ar thacaíochtaí do dhaoine scothaosta’.
An 3 Deireadh Fómhair 2023, cheadaigh an Rialtas an togra, arna thabhairt ar aghaidh ag an Aire Sláinte agus ag an Aire Stáit Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, chun Coimisiún neamhspleách um Chúram do Dhaoine Scothaosta a bhunú, ar tionóladh a chruinniú tionscnaimh an 21 Márta 2024.
Is é an tOllamh Alan Barrett (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta) atá ina chathaoirleach ar an gCoimisiún agus tá saineolaithe neamhspleácha ann. I dteannta a chéile, cuireann comhaltaí an Choimisiúin saineolas ar fáil ar fud réimsí na seanliachta, na seaneolaíochta, na heacnamaíochta sláinte, an bheartais agus na bainistíochta sláinte, cúram príomhúil, eitic sláinte, teicneolaíochtaí sláinte, agus aosú agus míchumas, chomh maith le hionadaíocht ar an earnáil phobail agus dheonach agus ar dhaoine scothaosta. Tacaíonn rúnaíocht ón Roinn Sláinte leis an gCoimisiún.
Tá an Coimisiún freagrach as scrúdú a dhéanamh ar na seirbhísí agus na tacaíochtaí sláinte agus cúraim shóisialta a chuirtear ar fáil do dhaoine scothaosta ar fud an chontanam cúraim agus as moltaí a dhéanamh dá bhforbairt straitéiseach. Ina dhiaidh sin, bunófar grúpa tras-rannach faoi choimirce an Choimisiúin chun a mheas an bhfuil na tacaíochtaí don aosú dearfach feadh shaolré oiriúnach don fheidhm agus chun plean cur chun feidhme costáilte a fhorbairt le haghaidh roghanna chun na tacaíochtaí sin a bharrfheabhsú.
Tá na Téarmaí Tagartha den Choimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta ar fáil anseo: