Meitheal an Chreatphlean Ghníomhaíochta Mhíchumais
- Foilsithe: 15 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2022
D’fhoilsigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly, an tAire Stáit um Míchumas Anne Rabbitte agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Comhtháthaithe agus an Óige Roderic O’Gorman an tAthbhreithniú ar Acmhainneacht Mhíchumais go 2032.
D’fhonn an próiseas chun moltaí na tuarascála a chur chun cinn, d’fhoilsigh na hAirí Creatphlean Gníomhaíochta ina bhfuil príomhthosaíochtaí na tréimhse go 2025 leagtha amach.
Is í an chéad chéim eile, le cúnamh ó oifigigh na Meithle Saineolaithe, na mionbhearta cur chun feidhme a bheidh le déanamh thar an tréimhse sin a leagan amach, agus táthar ag súil led go bhfoilseofar iad faoi dheireadh na bliana.