Náisiúnta Sláinte na mBan & Naíonán le haghaidh 2021
- Foilsithe: 5 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, Tuarascáil Bhliantúil Chlár Náisiúnta Sláinte na mBan & Naíonán le haghaidh 2021. Bunaíodh an Clár in 2017 agus is é atá mar aidhm leis bainistiú, eagrú agus soláthar seirbhísí máithreachais, gínéiceolaíochta agus nuabheirthe a threorú agus dlús a chur le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta Máithreachais. Ainneoin gur chruthaigh paindéim Covid-19 agus an cibear-ionsaí ar chórais HSE dúshláin shuntasacha do sheirbhísí máithreachais in 2021, léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil seo go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i ndáil le cur chun feidhme leanúnach na Straitéise seo. Rinneadh an dul chun cinn seo i roinnt príomhréimsí tosaíochta, lena n-áirítear forbairt agus imlonnú leanúnach na conaire cúraim tacaithe i seirbhísí máithreachais. In 2021, chuir an Clár roinnt forbairtí seirbhíse gínéiceolaíochta chun feidhme, lena n-áirítear a chur le Samhlacha Cúraim le haghaidh Cóireáil Shiúlach Ghínéiceolaíochta agus Neamhthorthúlachta a rolladh amach.