Na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) 1996 agus na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Leasú) 1997
- Foilsithe: 20 Meitheamh 1997
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2020
Is é aidhm na Treorach seo treoir a thairiscint ar na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile), 1996.
Tá sé scríofa do dhaoine atá freagrach as an reachtaíocht a chur i bhfeidhm agus do dhuine ar bith a bhfuil tionchar ag a forálacha uirthi, go háirithe daoine atá ag seoladh nó ag moladh seirbhís réamhscoile a sheoladh.
Leathnaíonn na Rialacháin agus an Treoir Mhíniúcháin ar fhorálacha Chuid VII den Acht um Chúram Leanaí, 1991.