Nochtadh Cosanta
- Foilsithe: 13 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2025
Tá beartas agus nósanna imeachta curtha i bhfeidhm ag an Roinn Sláinte maidir le Nochtadh Cosanta a dhéanamh sa Roinn. Forbraíodh iad ar aon dul leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, agus chomhaontaigh Bord Bainistíochta na Roinne iad. Leagtar amach iontu sin an próiseas trína bhféadfaidh ‘oibrí’ de chuid na Roinne nochtadh cosanta a dhéanamh, na nithe a tharlóidh nuair a dhéantar nochtadh agus na nithe a dhéanfaidh an Roinn chun an té a dhéanann an nochtadh a chosaint.
Tacaíonn an próiseas le tiomantas láidir na Roinne dá chinntiú gur le cultúr agus timpeallacht oibre na Roinne a thugtar spreagadh, cabhair agus tacaíocht d’aon bhall foirne de chuid na Roinne agus é/í ‘ag labhairt amach’ faoi shaincheist ar bith a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar chumas na Roinne gach ceann dá róil agus freagrachtaí a chomhlíonadh ar bhealach cuí iomlán agus de réir an ardchaighdeáin feidhmíochta a theastaíonn.
Ceanglaítear le halt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, go bhfoilseofar tuarascáil bhliantúil maidir leis na nochtaí cosanta a fhaigheann an Roinn.
Léirítear an staid sna doiciméid thíos: