Obair an Choimisiúin
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuirfear obair an Choimisiúin chun cinn trí thrí mhodúl scoite, a reáchtálfar i ndiaidh a chéile.
I Modúl 1 tá sé de chúram ar an gCoimisiún éifeachtacht, leordhóthanacht agus éifeachtúlacht an chúraim agus na dtacaíochtaí a chuirtear ar fáil faoi láthair laistigh den chóras sláinte agus cúraim shóisialta a chinneadh, lena n-áirítear na pleananna dá bhforbairt bhreise, chun freastal ar na riachtanais chúraim atá ag teacht chun cinn maidir le héagsúlacht mhéadaitheach daoine scothaosta i gcomhthéacs an daonra atá ag dul in aois. Ullmhóidh an Coimisiún le breithniú ag an Aire Sláinte agus ag an Aire Stáit Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta tuarascáil ina mbeidh sonraí maidir le hobair an Choimisiúin i ndáil le Modúl 1 lena n-áirítear aon fhoghlama atá le cur san áireamh i Modúl 2.
I Modúl 2 scrúdóidh an Coimisiún na roghanna beartais níos leithne do chúram daoine scothaosta, mar a chinntear iad i Modúl 1, agus forbróidh sé plean cur chun feidhme mionsonraithe costáilte do na roghanna roghnaithe. Ag deireadh Mhodúl 2, ullmhóidh an Coimisiún, lena breithniú ag an Aire Sláinte agus ag an Aire Stáit do Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Scothaosta, tuarascáil ina sonraítear na dúshláin agus na deiseanna a sainaithníodh, agus creat a thíolacadh d'fhorbairt straitéiseach uileghabhálach na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta a chuireann cuspóirí straitéiseacha náisiúnta chun cinn.
I Modúl 3 bunófar grúpa tras-rannach faoi choimirce an Choimisiúin chun a mheas an bhfuil príomhshruthú an aosaithe ar fud an Rialtais agus na sochaí sibhialta éifeachtach chun tacú le haosú sláintiúil, dearfach agus agus uathrialach ar feadh an tsaoil agus plean forfheidhmithe mionsonraithe costáilte do na roghanna roghnaithe chun aosú dearfach a chumasú i sochaí na hÉireann a ullmhú le breithniú an Aire Sláinte agus an Aire Stáit do Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Scothaosta.