English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Plean Gníomhaíochta um Éifeachtúlacht Acmhainní na Roinne Sláinte (REAP)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Eanáir 2020
  • An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2022

Is éard is Plean Gníomhaíochta um Éifeachtúlacht Acmhainne (REAP) ann mar thoradh ar mheasúnú nó iniúchadh ar an láthair ar conas a úsáideann eagraíocht a cuid acmhainní fuinnimh, uisce agus dramhaíola.

Ceanglaítear ar gach Roinn Rialtais REAP a ullmhú ar bhonn bliantúil mar chuid de thiomantas an Rialtais do Ranna Rialtais glasa. Tá sé beartaithe againn an próiseas REAP a leathnú chuig Gníomhaireachtaí Stáit go luath amach anseo.

Déanann gach Roinn measúnú ar cé chomh héifeachtach agus a úsáideann siad a gcuid acmhainní agus déanann siad moltaí bunaithe ar a gcuid torthaí. Seo a leanas roinnt samplaí de mholtaí iniúchta:

  • Soilsiú oifige a uasghrádú le roghanna eile atá tíosach ar fhuinneamh
  • An úsáid is fearr a bhaint as rialuithe Córais Bhainistíochta Foirgnimh
  • Bain na boscaí bruscair ghinearálta de na deasca aonair
  • Laghdaigh rátaí sreafa ar sconnaí
  • Scor d’úsáid plaistigh aonúsáide ar fud na heagraíochta
  • Foireann Ghlas intí a bhunú ó ionadaithe ón bhfoireann agus ón mbainistíocht
  • Foireann Glas le Plean Gníomhaíochta Glas a cheapadh agus a chur i bhfeidhm
  • Dintiúir ghlasa na heagraíochta a léiriú agus a chur chun cinn mar chuid dá féiniúlacht chorparáideach
Department of Health Resource Efficiency Action Plan (REAP) 2021
Amharc amharc
Department of Health Resource Efficiency Action Plan (REAP) 2020
Amharc amharc
Department of Health Resource Efficiency Action Plan (REAP) 2019
Amharc amharc