Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Rinne an Rialtas téarmaí Scéim neamhnochta ex gratia CervicalCheck a cheadú an 11 Márta 2019

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Rinne an Rialtas téarmaí Scéim neamhnochta ex gratia CervicalCheck a cheadú an 11 Márta 2019. Áireofar leis sin Painéal Measúnachta Neamhspleách a bheidh comhdhéanta de Bhreitheamh Ard-Chúirte ar scor (a ghníomhóidh mar Chathaoirleach), cliniceoir neamhspleách agus duine a bhfuil dea-stádas aige/aici. Is é Aindrias Ó Caoimh, Breitheamh Ard-Chúirte ar scor, an Cathaoirleach ar an bPainéal Measúnachta Neamhspleách. Is iad Brigid Doherty Uas. agus an Dr Kevin Connolly an bheirt chomhaltaí eile den Phainéal.

Is é ról an Phainéil cinneadh a dhéanamh maidir le suim chuí na híocaíochta ex gratia, agus aird á tabhairt ar an neamhnochtadh agus ar an tionchar a bhí aige araon. Déanfaidh sé gach iarratas a mheas in aghaidh critéir réamhshainithe ansin chun a fháil amach cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh nochtadh cuí tráthúil. Faoi théarmaí na scéime, íocfar an t-aon suim amháin le gach bean, nó lena heastát, a measfaidh an Painéal nach ndearnadh nochtadh di ar bhealach cuí tráthúil. Na mná uile, nó a neasghaol, i gcohórt an 221 bhean ar sainaithníodh san iniúchadh cliniciúil go raibh neamhréireacht ann i dtoradh a dtástála smearaidh, beidh siad incháilithe le haghaidh páirt a ghlacadh sa Scéim. Eisíodh cuirí agus mionsonraí iomlána faoin Scéim chucu (thar ceann an Phainéil Mheasúnachta) an 8 Bealtaine. Tá mionsonraí iomlána faoin Scéim faoi iamh.

Téarmaí Scéim neamhnochta ex gratia CervicalCheck
Téarmaí Scéim neamhnochta ex gratia CervicalCheck
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat