English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Ghinearálta an Bhille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2023

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 6 Deireadh Fómhair 2023

Tá sé beartaithe leis an mBille seo foráil a dhéanamh do dhíolúine ioncaim ón scéime Seomra a Ligean ar Cíos ó chárta leighis agus cárta cuairte dochtúra agus do leasuithe áirithe ar An tAcht um Bord Leigheasra na hÉireann 1995. Tá gá le reachtaíocht phríomha chun foráil a dhéanamh do dhíolúine ar ioncam na scéime Seomra a Ligean ar Cíos agus do na leasuithe molta ar chumhachtaí reatha an tAire Sláinte atá leagtha amach san Acht um Bord Leigheasra na hÉireann 1995.

Díolmhóidh na forálacha reachtaíochta a bhaineann le hioncam Seomra a Ligean ar Cíos, nuair a achtófar iad, ioncam Seomra a Ligean ar Cíos de suas le €14,000 sa bhliain ón bpróiseas measúnaithe cárta leighis agus cárta cuairte dochtúra arna riar ag FSS. Feabhsóidh na forálacha reachtúla a bhaineann leis an Acht um Bord Leigheasra na hÉireann 1995, nuair a achtófar é, cumhachtaí reatha an tAire Sláinte chun rialacháin a dhéanamh maidir le díol, soláthar agus riaradh táirgí leighis, agus bainistiú slabhraí soláthair leigheasanna agus ganntanas.

Scéim Ghinearálta agus Ceannteidil an Bhille An Bille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2023
Amharc amharc