Scéim Ghinearálta an Bhille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Post-Mortem, Scrúdú Anatamaíoch, agus Taispeántas Poiblí)
- Foilsithe: 2 Bealtaine 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2020
Déanfaidh an Bille:
- aistriú, coinneáil, stóráil, úsáid agus diúscairt fíochán daonna ó dhaoine éagtha a rialáil
- coinníollacha ginearálta a sholáthar chun orgáin agus fíocháin a bhaint, a bhronnadh agus a úsáid ó dhaoine éagtha agus beo chun críocha trasphlandaithe
- foráil a dhéanamh do chóras toilithe diúltaithe maidir le deonú orgán agus do chlár gaolmhar
- foráil a dhéanamh maidir le deonú duánach altrúiseach neamhthreoraithe