English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Sláintecare i nGníomh 2019

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2021


Oideasú Sóisialta

Is riachtanais shóisialta, cosúil le dúlagar, imní agus uaigneas is cúis le thart ar 20% de na cuairteanna a thugtar ar ghairmithe cúraim sláinte in Éirinn. Is féidir le haonrú agus easpa líonra i ngar do dhaoine a bheith ina gcúis freisin le scaoileadh níos déanaí ón ospidéal agus ó shuíomhanna cúraim sláinte eile. Tá othair á n-atreorú anois ag líon méadaitheach DGanna chuig cláir Oideasaithe Shóisialta a chabhraíonn leo déileáil le riochtaí sláinte casta, anuas ar aonrú sóisialta, imní, uaigneas agus saincheisteanna eile.

Tá Sláintecare ag tacú le seacht gclár Oideasaithe Shóisialta fud fad na hÉireann tríd an gCiste Lánpháirtíochta, tá siad bunaithe i mBaile Átha Cliath, Port Láirge, an Cabhán, Muineachán, Sligeach, Liatroim, Cill Mhantáin, Corcaigh agus Ciarraí.

Oideasóir Sóisialta í Adrienne Dempsey ó Thionscadal Oideasaithe Shóisialta Ionad Acmhainní Teaghlaigh Ghrúpaí Fatima Aontaithe (Fatima Groups United) i mBaile Átha Cliath 8 a shuíonn in Ionad Leighis Rialto. A bhuíochas le tacaíocht ó Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare, bíonn Adrienne ar an láthair san ionad leighis chun casadh le hothair, míniú a thabhairt ar an éagsúlacht ghníomhaíochtaí agus na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh, agus ar cén deiseanna agus tairbhí atá ar fáil. Roimhe seo, d’fhéadfadh DGanna ag an ionad othair a atreorú chuig an gclár, ach, tríd is tríd, níor fhreastail go leor daoine ar an gcoinne.

Tá páirt á glacadh ag thart ar 55% de na daoine a gcasann Adrienne leo anois i ngníomhaíochtaí a chuirtear ar siúl sa tionscadal Oideasaithe Shóisialta. Idir 23 agus 87 bliain d’aois iad na rannpháirtithe, agus mná atá i gceist le thart ar dhá thrian díobh agus fir atá sa tríú cuid díobh. Is iad na príomh-shaincheisteanna a gcabhraíonn Adrienne le daoine déileáil leo: easpa idirghníomhú sóisialta; imní, dúlagar agus strus; agus bia sláintiúil agus aclaíocht.

Tá díriú mór ar ghníomhaíochtaí sláinte agus folláine, agus bíonn ranganna ióga, machnaimh, Pilates agus ranganna aclaíochta eile ar fáil, anuas ar chócaireacht, litearthacht dhigiteach, agus ealaíona agus ceardaíocht.

Dochtúir Ginearálta (DG) í an Dr Siobhán Smith a oibríonn in Inse Chór agus tá baint aici i dtionscadal Oideasaithe Shóisialta na Nasc-Oibreoirí, atá dírithe ar othair, ach go háirithe, i gceantair bhochta.

Dúirt an Dr Smith:

“Bíonn torthaí níos measa sláinte ag othair a chónaíonn i gceantair bhochta, agus tagann galair ainsealacha orthu níos luaithe ná mar a thagann ar an gcuid eile den daonra. Cuireann an tionscadal seo ar chumas DGanna oibriú níos éifeachtaí laistigh dá bpobail féin.

“Díríonn Sláintecare ar dhul i ngleic le neamhionannas sláinte, sláinte agus cúram sóisialta a chomhcheangal, agus úsáid a bhaint as na tacaíochtaí go léir atá ar fáil chun feabhas a chur ar thorthaí othar."

Tá beirt Oideasóirí Sóisialta lánaimseartha ag oibriú le Seirbhís Oideasaithe Shóisialta Phort Láirge, atá cistithe ag Sláintecare agus atá á reáchtáil ag Ionad Acmhainní Teaghlaigh an Chroí Rónaofa, a chuir tús leis an tseirbhís a chur ar fáil i mí na Samhna anuraidh. Freastalaíonn oideasóir amháin ar cheantar Chathair Phort Láirge agus freastalaíonn an t-oideasóir eile ar Chontae Phort Láirge.

Chomh maith leis sin, tá daoine á nascadh ag clár Oideasaithe Shóisialta Phort Láirge le tionscadail eile sa cheantar atá cistithe ag Sláintecare. Rinneadh othair a atreorú chuig an gclár Ag Maireachtáil go Folláin, ar cúrsa sé seachtaine é a thacaíonn le daoine riochtaí sláinte ainsealacha, cosúil le hairtríteas, diaibéiteas, riochtaí croí a bhainistiú.

Téann Oideasú Sóisialta i ngleic le go leor de spriocanna Sláintecare. Aistríonn Oideasú Sóisialta cúram go dtí an pobal agus méadaíonn sé na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine a bhfuil galair ainsealacha orthu, iad siúd a bhraitheann leochaileach, leo féin agus uaigneach agus iad siúd a fhreastalaíonn go minic ar DGanna. Cruthaíonn sé deiseanna do dhaoine páirt a ghlacadh in aire a thabhairt dá sláinte agus dá bhfolláine féin, neartaíonn sé na ceangail idir an pobal agus cúram leighis, agus laghdaíonn sé an gá do dhaoine coinní leighis a lorg lena DG nó chun freastal ar an ospidéal chun go gcuirfear cúram orthu dá riochtaí ainsealacha.

Chun teacht ar eolas breise, tabhair cuairt ar:


Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare

Sholáthair Buiséad 2019 €20 milliún maidir le Ciste Lánpháirtíochta imfhálaithe Sláintecare a bhunú chun an bealach a thástáil agus a scálú is féidir seirbhísí a sholáthar.

Is é aidhm an chistithe seirbhísí tacú le soláthar seirbhísí a dhíríonn ar chosc, cúram pobail agus comhtháthú an chúraim i measc gach suímh sláinte agus cúraim shóisialta.

Léiríonn na 122 tionscadal de chuid Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare conas is féidir le smaointeoireacht chomhleanúnach agus oibriú i gcomhpháirtíocht cabhrú linn spriocanna Sláintecare a bhaint amach ina n-aistrítear tromlach an chúraim go dtí an pobal, ina laghdaítear liostaí feithimh agus ina gcuirtear feabhas ar eispéiris d’othair agus don fhoireann ar fud an chórais sláinte agus chúraim shóisialta in Éirinn.


Smaointeoireacht Chomhleanúnach maidir le Cúram don Duine Breacaosta

Tá daonra na hÉireann ag dul in aois. Cé go dtugann an chaoi go bhfuil daoine ag maireachtáil níos faide le fios go bhfuil feabhas ag teacht ar an tsláinte i measc an daonra, is iad daoine breacaosta is mó a úsáideann an córas cúraim sláinte. Is ionann daoine 65 bliain d’aois agus níos sine agus 12.7% den daonra agus 53% díobh siúd a fhanann san ospidéal, agus is ionann daoine aois 85 agus níos sine agus 1.4% den daonra agus 35.1% díobh siúd a fhanann san ospidéal.

Is mian le Sláintecare a mhéid cúram agus is féidir a sholáthar a ghaire don bhaile agus is féidir, a chiallaíonn nár cheart do dhaoine dul chuig an ospidéal ach nuair a bhíonn géarghá leis. Tá na spriocanna céanna ag Clár Cúraim Chomhtháite FSS do Dhaoine Breacaosta, go háirithe do dhaoine breacaosta, agus is mian leis aistriú ó fhanacht san ospidéal de bharr breoiteachta, agus i dtreo cúram leanúnach agus fadtéarmach a ghaire leis an mbaile agus is féidir.

Tacaíonn an Ciste Lánpháirtíochta le tionscadail a chabhraíonn le daoine breacaosta teacht ar níos mó cúraim ina bpobal, cé acu trína DG, a nIonad Sláinte Áitiúil, a nIonad Cúraim Phríomhúil, nó trí sheirbhísí eile cúraim sláinte agus shóisialta, agus trí seirbhísí eile pobail agus deonacha. Díríonn na tionscadail seo ar chúram a sholáthar don duine agus seirbhísí idir ospidéal agus sa phobal a cheangal, chun gur féidir le daoine bheith sláintiúil ina bpobail a fhaide agus is féidir.

Tá ceann de na tionscadail seo ag díriú ar chúram a sholáthar do dhaoine breacaosta ina bpobail i gceantar Chathair Chorcaí, cosc a chur ar bhreoiteacht a mbíonn ar dhaoine freastal ar an ospidéal dá bharr, agus daoine a spreagadh an t-ospidéal a fhágáil go gcuirfear cúram ar fáil dóibh sa phobal. “Tá Barda Cúraim Shiúlaigh Phráinnigh agus Barda Fíorga don Duine Breacaosta i gCathair Chorcaí”, á reáchtáil ag Cúram Sláinte Pobail Chorcaí/Chiarraí. Tá an tionscadal ag oibriú chun rogha eile a sholáthar do dhaoine breacaosta seachas freastal ar an Rannóg Éigeandála nó go dtugtar isteach san ospidéal iad.

Déanann ALONE BConnect, a fhaigheann tacaíocht freisin ó Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare, an cúram sláinte, an cúram sóisialta agus an cúram pobail a nascadh le chéile. Úsáideann an tionscadal an teicneolaíocht chun cabhrú le daoine breacaosta a sláinte agus a bhfolláine féin a bhainistiú níos fearr, chun filleadh abhaile ón ospidéal níos tapúla agus leanúint de bheith ag maireachtáil go neamhspleách sa bhaile. Cuireann ALONE BConnect oiliúint ar fáil freisin sa teicneolaíocht do dhaoine breacaosta agus dá dteaghlaigh, agus oibríonn sé le heagraíochtaí pobail agus deonacha chun cabhrú leo a seirbhís a fheabhsú trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht.

Deir Siobhán Kennelly, an Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Ceannasaí an Ghrúpa do Chlár Cúraim Chomhtháite FSS do Dhaoine Breacaosta:

“Déanann na tionscadail seo smaointeoireacht chomhleanúnach maidir le cúram don duine breacaosta a chur chun cinn go mór, agus déanann siad an duine breacaosta a shuíomh i gceartlár a gcuid oibre. Imreoidh seo tionchair dhearfacha ar shláinte agus folláine an duine bhreacaosta agus ar a dteaghlaigh, anuas ar an gcóras ospidéil."

Rachaidh na tionscadail seo, i dteannta a chéile, chun sochair an duine bhreacaosta, a dtabharfar níos mó cúraim dóibh sa bhaile nó ina bpobal, agus seachnóidh sé iad a thabhairt chun an ospidéil gan ghá, nó ceadóidh sé dóibh tréimhse níos giorra a chaitheamh san ospidéal. A bhuíochas le freastal laghdaithe ar an Rannóg Éigeandála, tugadh líon níos lú daoine isteach san ospidéal agus tá tréimhsí níos giorra á gcaitheamh acu san ospidéal agus cruthóidh seo tairbhe don chóras sláinte freisin.


Tacú le Mná Torracha Éirí as Tobac a Chaitheamh

I gcás ban atá torrach nó a bheartaíonn éirí torrach, is é éirí as tobac a chaitheamh an rud is mó is tábhachtaí is féidir leo a dhéanamh chun a sláinte agus sláinte a naíonáin a chosaint. Is é tobac a chaitheamh, agus tobac á chaitheamh ag mná torracha, is cúis mhór le neamhionannas sláinte in Éirinn. Ciallaíonn neamhionannas sláinte go bhfuil difríocht cúig bliana idir ionchas saoil idir na daoine is saibhre agus is boichte.

Má chaitear tobac fad a bhítear torrach, bíonn an baol ann go mbéarfar ar naíonáin a bhfuil meáchan íseal orthu, go mbeidh deacrachtaí ann le linn breithe agus go mbeidh deacrachtaí eile ann i rith toirchis. Bíonn ionchas saoil níos faide ag mná a éiríonn as tobac a chaitheamh i rith toirchis agus ina dhiaidh agus bíonn sláinte fhisiciúil níos fearr acu, agus cruthaíonn sé an tairbhe freisin go bhfuil a naíonán á thabhairt isteach i mbaile saor ó thobac acu.

Tugann Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare tacaíocht do “Tacú le Mná Torracha Éirí as Tobac a Chaitheamh agus gan Tosú ag Caitheamh Tobac Arís”, atá á reáchtáil ag Cúram Sláinte Pobail an Oirdheiscirt (SECH) agus cabhróidh sé le gach bean thorrach a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar an dúshlán a chruthaíonn éirí as tobac a chaitheamh.

Tá na spriocanna céanna ag Éire Shláintiúil, Éire atá Saor ó Thobac, agus an Straitéis Náisiúnta Máithreachais atá ag an tionscadal seo. Tá Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare ag tacú le tionscadail a chabhraíonn le daoine níos mó a fhoghlaim faoina sláinte féin agus dul i mbun bearta simplí agus praiticiúla aire a thabhairt dá sláinte agus dá bhfolláine.

Is deacair éirí as tobac a chaitheamh i rith toirchis, ach is féidir é sin a dhéanamh nuair a bhíonn na seirbhísí cearta ar fáil. Cuirfidh an tionscadal seo an tacaíocht ar fáil a theastaíonn ón mbean, gan aon bhreithiúnas a dhéanamh. Tá an bhean thorrach i gceartlár an tionscadail seo. Tacaítear le gach soláthraí sláinte agus cúraim shóisialta a ndéanann an bhean teagmháil leo i rith a toirchis, idir DGanna agus Cnáimhseacha agus Ospidéil Mháithreachais, agus Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, agus cógaiseoirí, chun cabhrú leis an mbean éirí agus tobac a chaitheamh agus gan tosú arís.

Cuirfear oiliúint ar bhaill na foirne daoine a atreorú isteach i gclinicí tiomnaithe scoir den tobac. Bunófar na clinicí seo i ngach contae in SECH in ionaid inrochtana chúraim phríomhúil don bhean Thorrach agus dá teaghlach sínte. Cuireann Oifigeach Scoir ón Tobac atá cistithe ag Sláintecare dianchláir aghaidh ar aghaidh scoir den tobac ar fáil mar chuid de chlár sé seachtaine.

Imreoidh “Tacú le Mná Torracha Éirí as Tobac a Chaitheamh agus gan Tosú ag Caitheamh Tobac Arís” tionchar dearfach ar an mbean thorrach í féin, ar a leanbh agus a teaghlach, anuas ar na seirbhísí máithreachais agus an córas cúraim sláinte níos fairsinge. Áirítear an méid seo a leanas leis na tionchair dhearfacha:

  • naíonán sláintiúil
  • máthair shláintiúil atá ag maireachtáil agus saol ar chaighdeán maith aici nach bhfuil galair ainsealacha uirthi
  • tacú le timpeallachtaí saor ó thobac inar féidir le leanaí maireachtáil agus fás aníos iontu
  • níos mó ioncam indiúscartha a bheith ag an mbean thorrach agus ag a teaghlach
  • bíonn gá níos lú ag an naíonán le cúram sláinte, tagann níos lú galair ainsealacha orthu
  • cloítear le caighdeáin chúraim Seirbhís Máithreachais
  • cuirtear feabhas ar an gcúram sláinte ardchaighdeáin a sholáthraítear
  • bristear timthriall na handúile

Chun teacht ar eolas breise faoi éirí as an tobac a chaitheamh, tabhair cuairt ar: www.quit.ie nó cuir glaoch ar Shaorghlaoch 1800 201 203.

Chun teacht ar eolas faoi “Tacú le Mná Torracha Éirí as Tobac a Chaitheamh agus gan Tosú ag Caitheamh Tobac Arís”, déan teagmháil, le do thoil, le:

David Phelan, Oifigeach Scoir den Tobac, Cur chun Cinn na Sláinte, Halla San Caitríona, Cois Abhann, Port Láirge. Ríomhphost: David.phelan1@hse.ie Guthán Póca: 0871098689

Kate Cassidy, Oifigeach Sinsearach um Chur chun Cinn na Sláinte, Sláinte agus Folláine, Halla San Caitríona, Cois Abhann, Port Láirge. Ríomhphost: Kate.cassidy@hse.ie Guthán Póca: 087 6529847


Botháin don Bheatha - Feabhas a chur ar Sláinte agus Folláine Fear ina bPobail Féin

Baineann fir torthaí níos measa sláinte amach i gcomparáid le mná, go háirithe iad siúd atá i ngrúpaí ar deacra teagmháil a dhéanamh leo agus nach bhfuil an dóchúlacht chéanna ann go ndéanfaidh siad teagmháil le seirbhísí agus cláir shláinte.

Ceann d’aidhmeanna Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare is ea cabhrú le daoine aire a thabhairt dá sláinte agus dá bhfolláine féin, trí ghníomhartha simplí agus praiticiúla, chomh maith le hé a dhéanamh níos éasca ar dhaoine teacht ar sheirbhísí chun feabhas a chur ar a sláinte agus a bhfolláine.

Clár um chur chun cinn na sláinte atá pobalbhunaithe é Botháin don Bheatha, atá cistithe ag Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare, agus a chuireann Cumann Bhotháin Fear na hÉireann (IMSA) ar siúl, ar dhíríonn ar dhul i ngleic le roinnt den neamhionannas tromchúiseach sláinte a bhfuil fir in Éirinn thíos leis. Oibríonn an clár chun tacú le folláine fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta na mball de bhotháin na bhfear.

Cabhróidh Botháin don Bheatha le fir a ghlacann páirt sa chlár chun limistéir dá saol a bhainistiú níos fearr a imreoidh tionchar dearfach ar a sláinte agus a bhfolláine. Glacfaidh baill páirt i gcláir aclaíochta agus shiúil, gníomhaíochtaí cócaireachta agus cothaithe, oiliúint ar litearthacht dhigiteach agus i gceardlanna sláinte fiacla. Beidh teacht ag baill freisin ar scagthástáil Galar Croí agus Ailse, agus ar cheardlanna coiscthe agus bainistíochta Diaibéitis, agus cuirfear iad seo ar siúl i dtimpeallacht phobalbhunaithe neamhleighis, a dhéanann níos fusa é ar bhaill teacht orthu.

Bunaithe ar an rath a bhí ar iarchláir Bhotháin don Bheatha, cuirfidh Cumann Bhotháin Fear na hÉireann an clár ar siúl i gContae Liatroma, Ros Comáin agus na Mí in 2020, a bhuíochas le cistiú Sláintecare.

Dúirt Muriel Farrell, le hOifig Sláintecare:

“Is iontach a thabhairt faoi deara go bhfuil clár atá chomh dírithe agus chomh tairbhiúil sin á chur ar fáil ag faighteoir Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare atá ar aon dul le cuspóir Sláintecare chun saoránaigh a chumasú agus a ghníomhú chun aire a thabhairt dá sláinte féin.

“Tacóidh Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare le breis agus 400 seiceáil sláinte leantach a sholáthar do bhotháin a ghlacann páirt ann i measc chlár Bhotháin don Bheatha 2019, agus cabhróidh sé freisin le clár 2020 a thabhairt isteach i gContae Liatroma, Ros Comáin agus na Mí."

Bainfidh breis agus 200 fear tairbhe dhíreach as Botháin don Bheatha in 2020 trí chláir agus ceardlanna, agus déanfar scagthástáil sláinte ar 600 fear (400 scagthástáil leantach ó 2019, agus 200 rannpháirtithe ó Bhotháin nua in 2020).

Déanfar na héifeachtaí dearfacha ar bhaill a thomhas tríd an méid nóiméad a chaitear ag siúl, gníomhaíocht choirp, athruithe ar fholláine, meabhairshláinte, eolas ar chothú agus iompar agus eolas ar limistéir ar leith atá cumhdaithe ag an gclár. Déanfar iad seo a mheasúnú agus a thomhas ag tús agus ag deireadh an chláir.

Tá meastóireacht iomlán á déanamh ar Bhotháin don Bheatha faoi láthair i gcomhar leis an gComhairle um Thaighde in Éirinn, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus an Ionad Náisiúnta um Shláinte Fear ag IT Cheatharlach, chomh maith le réimse eagraíochtaí sláinte eile móra.

Aimsigh níos mó eolais faoin tionscadal seo ag www.menssheds.ie

Aimsigh iad ar Facebook

Nó ar Twitter @IrishSheds


An Cúram Ceart, an Áit Cheart, an tAm Ceart do Shláinte Ghnéis na Mac Léinn in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain

Íomhá: Sláinte Ghnéis na Mac Léinn in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain

Sheol Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain (ITBÁL), le tacaíocht ó Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare, seirbhís sláinte ghnéis chuimsitheach do mhic léinn chun freastal ar riachtanais a daonra mac léinn atá ag dul i méid – a bhfuil 61% díobh idir 18 agus 24 bliain d’aois agus a rangaítear go bhfuil ‘ardbhaol’ rompu go dtiocfaidh ionfhabhtú gnéas-tarchurtha (STI) orthu.

Tá an tionscadal píolótach nuálach seo á sholáthar go díreach do mhic léinn ar an gcampas, a laghdaíonn na costais shubstainteacha leighis, neamhleighis agus gheilleagracha a bhaineann le STIanna. Tá an tionscadal ag dul i ngleic freisin leis an treocht aníos ghinearálta atá á tabhairt faoi deara maidir le STIanna, arb iad na grúpaí a bhfuil an baol is mó rompu daoine faoi 25 bliain d’aois agus fir a mbíonn gnéas acu le fir. Osclaíodh an tseirbhís do choinní go déanach in Eanáir agus bhí olléileamh air láithreach, agus rinneadh 120 fiosrúchán maidir le coinní sna laethanta tosaigh.

Tá an tionscadal faoi stiúir Altra na hInstitiúide agus Chomhordaitheoir an Ionaid Sláinte, Laura Tully, a thacaigh le seirbhís a chur ar fáil do mhic léinn ar feadh go leor blianta.

“Roimhe seo, bhí ar mhic léinn a fhaide le huair an chloig a chaitheamh ag taisteal chun sainseirbhís sláinte ghnéis a aimsiú. Níor fhreastail 90% díobh siúd a atreoraíodh ar na clinicí siúd, go bunúsach, agus tháinig go leor díobh i láthair i seomraí éigeandála go míchuí nó d’fhreastail siad ar sheirbhísí DG lasmuigh d’uaireanta. Léiríonn an tionscadal seo fís Sláintecare go soiléir, tá teacht anois ag mic léinn ar sheirbhís chothrom inrochtana nuair a theastaíonn sé uathu laistigh de phobal a gcampais féin, agus is féidir leo teacht ar an gcúram ceart, san áit cheart, ag an am ceart."

Cheap an Institiúid Debbie Marshall, Ardchleachtóir Altranais Cláraithe i Sláinte Ghnéis, chun an tseirbhís atá faoi stiúir altra a sholáthar do mhic léinn ar feadh fhad an tionscadail agus tacóidh saindochtúir léi gach seachtain.

“Braitheann mic léinn gur seirbhís í seo a bhfuil géarghá leis, agus rinneadh é a chomhcheangal isteach i seirbhís sláinte na mac léinn gan uaim. Tugaim faoi deara an tionchar dearfach atá á imirt ag an tseirbhís ar mhic léinn cheana féin. Táim muiníneach go gcuirfimid feabhas ar shláinte ghnéis agus go gcuirfimid torthaí dearfacha sláinte chun cinn, ar féidir iad a bhuanú go ceann tamall maith de bhlianta amach anseo."

Cinnteoidh an tionscadal seo gur féidir le mic léinn teacht ar oideachas agus eolas cuimsitheach agus aoisoiriúnach ar shláinte ghnéis, agus go mbeidh teacht acu ar sheirbhísí cuí coiscthe agus cur chun cinn. Spreagfaidh é seo gnéasacht shláintiúil a fhorbairt i rith an tsaoil, i ndeireadh na dála; cuirfidh sé feabhas ar shaol agus caidreamh daoine; laghdóidh sé torthaí diúltacha cosúil le STIanna agus toirchis ghéarchéime agus cruthóidh sé timpeallacht a thacaíonn le sláinte agus folláine ghnéis. Tá an tseirbhís á soláthar ar aon dul le haidhmeanna Straitéis Sláinte Ghnéis Náisiúnta FSS (2015-2020) agus Chreat Éire Shláintiúil (2013-2025).


Cruinniú tosaithe do Líonra Foghlama an Chiste Lánpháirtíochta

Íomhá: Ciste Lánpháirtíochta Sláintecare, Baile Átha Luain, an 2 Nollaig

Seoladh Líonra Foghlama Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare Dé Máirt seo caite (an 10 Nollaig) ag imeacht i mBaile Átha Luain.

Ba é aidhm an imeachta tionscadail rathúla a thabhairt le chéile chun tús a chur le líonrú, eolas agus foghlaim a roinnt i measc na dtionscadal, fad a thosaítear le tionscadail a chur i bhfeidhm.

Tháinig breis agus 200 duine le chéile chun foghlaim faoin obair atá á déanamh ag tionscadail eile, conas atá an cúram ceart á sholáthar acu san áit cheart, ag an am ceart, agus chun smaointe agus eispéiris a roinnt. Rinne tionscadail an Chiste Lánpháirtíochta atá oibriú ar Ionchuimsiú Sóisialta Óige, Cosaint Chomhtháite Cos, agus Líonra chun Tacaíocht Féinbhainistíochta a Thabhairt do Ghalair Ainsealacha, a dtionscadail a chur i láthair.

Theastaigh ó Sláintecare tuairimí a fháil faoi conas is féidir linn tacú le tionscadail tríd an Líonra Foghlama, agus chuir tionscadail ionchur luachmhar ar fáil trí roinnt ceardlann.

Rinne Clár Cúraim Chomhtháite FSS do Dhaoine Breacaosta cur i láthair ar na dúshláin agus roinnt léargas ar Chúram Comhtháite a chur i bhfeidhm, agus rinne an Fhondúireacht Idirnáisiúnta um Chúram Comhtháite cur i láthair ar an mbreisluach a chruthaíonn foghlaim agus líonraí a roinnt.

Bhí an focal scoir ag Gráinne Healy, a rinne cathaoirleacht ar an imeacht, agus rinne sí caint ar an dearfacht agus an fuinneamh sa seomra, agus spreag sí rannpháirtithe chun líonrú a dhéanamh lena chéile agus leas a bhaint as cumhacht agus taithí na líonraí reatha.

Cuirfidh na tionscadail tús le cur i bhfeidhm in 2020 agus cuirfimid ár gcéad Imeacht Líonraithe Foghlama eile ar siúl i Márta 2020.

Slaintecare Integration Fund Learning Network
Amharc amharc
Slaintecare Integration Fund Projects by Category
Amharc amharc
Slaintecare Integration Fund Projects by Health Region
Amharc amharc

Tagann Sláintecare agus Earnáil an Phobail agus an Earnáil Dheonach le Chéile chun Plé a Dhéanamh ar Dheiseanna

Íomhá: Bailíonn Sláintecare agus Earnáil an Phobail agus an Earnáil Dheonach le Chéile chun Plé a Dhéanamh ar Dheiseanna

Chuir an tAire Sláinte Simon Harris TD, fáilte inniu roimh bhreis agus 80 eagraíocht phobail agus dheonach a dhéanann ionadaíocht do na mílte oibrí Pobail agus Deonach ag comhdháil ar Sláintecare. Ba é aidhm na comhdhála plé a dhéanamh ar Sláintecare agus a impleachtaí maidir le hobair earnáil an Pobail agus na hearnála Deonaí sa tsláinte agus sa chúram sóisialta.

Dúirt an tAire Harris:

“Baineann ríthábhacht le hEarnáil an Phobail agus an Earnáil Dheonach chun cúram comhtháite a sholáthar, a ghaire don bhaile agus is féidir. Sin an fáth go bhfuilimid ag casadh leis an earnáil inniu chun éisteacht lena ndearcthaí ar Sláintecare, agus cén ról is féidir le hEarnáil an Phobail agus an Earnáil Dheonach a ghlacadh fad a oibrímid le chéile sna blianta amach romhainn chun Sláintecare a sholáthar."

Agus ról tábhachtach Earnáil an Phobail agus na hEarnála Deonaí á aithint maidir le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus seirbhísí tacaíochta a sholáthar, chuir an chomhdháil deis luath ar fáil chun ceangal a dhéanamh leis an earnáil chun a ndearcthaí agus a dtuairimí a bhailiú faoi Sláintecare.

D’oscail Laura Magahy, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Sláintecare, an chomhdháil le Bridget Johnston, Cathaoirleach an Chomhaontais um Athchóiriú na Sláinte, comheagraí na comhdhála, agus nuashonrú á thabhairt aici ar an dul chun cinn atá déanta ag Sláintecare go dtí seo. Aithníodh gurbh iad beocht agus éagsúlacht na hearnála ceann dá láidreachtaí is mó maidir le cur le Sláintecare a sholáthar, agus daoine a aimsiú ina bpobail ar cheann de na rudaí is tábhachtaí.

Dúirt Laura Magahy:

“Deis an-tábhachtach é seo do Sláintecare fad a iontrálaimid céim dhearaidh thosaigh na Limistéar Réigiúnach Cúraim Chomhtháite. Tá an bheocht á spreagadh ag Earnáil an Phobail agus an Earnáil Dheonach in Sláintecare gach lá, agus is nasc ríthábhachtach iad idir othair agus úsáideoirí seirbhíse. Baineann ríthábhacht le héisteacht leo siúd a bhfuil seirbhísí agus cúram á sholáthar acu mar chuid den chóras sláinte agus cúraim shóisialta níos fairsinge maidir le Sláintecare a chur i bhfeidhm."

Chuir Sara Burke a léargas ar fáil ar Sláintecare ó pheirspictíocht beartais agus taighde. I measc roinnt de na teachtaireachtaí ba thábhachtaí a thug sí, luaigh sí an tábhacht a bhaineann le pleanáil atá bunaithe ar an daonra agus an difear dearfach is féidir leis seo a dhéanamh don bhealach a sholáthraítear cúram i gcomhthéacs na Limistéar Réigiúnach Cúraim Chomhtháite nua.

Luaigh Gráinne Healy, saineolaí ar rannpháirtíocht saoránach, Tuarascáil Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí maidir le tábhacht na Rannpháirtíochta Saoránach maidir leis an rath a bheidh ar Sláintecare. I dteannta naisc phobail na n-eagraíochtaí rannpháirteacha, tugadh rannpháirtíocht chun solais mar phríomhdheis don earnáil agus Sláintecare á chur i bhfeidhm.

Rinne rannpháirtithe sa Chomhdháil, ar Tionscadail rathúla an Chiste Lánpháirtíochta freisin iad, cuspóirí, tairbhí agus torthaí ionchasacha a dtionscadail a chur i láthair, chomh maith leis an mbealach a chuirfidh siad le spriocanna Sláintecare a sholáthar. Pléann na heagraíochtaí le limistéir cosúil le Meabhairshláinte, Aosú Dearfach agus riochtaí ainsealacha.

Dúirt an tAire mar fhocal scoir:

“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach rannpháirtí as a dtiomantas do Sláintecare as teacht anseo inniu agus ionchur luachmhar a sholáthar. Príomhpháirtithe iad Earnáil an Phobail agus an Earnáil Dheonach dúinn i rith aistear Sláintecare, agus táim ag tnúth le rannpháirtíocht leanúnach."


An Ciste Lánpháirtíochta

Íomhá: Fógraíonn an tAire Sláinte cistiú €20 milliún do 122 tionscadal Sláintecare

D’fhógair an tAire Sláinte, Simon Harris TD, aon chéad agus fiche a dó tionscadal rathúil de chuid an Chiste Lánpháirtíochta an 16 Meán Fómhair 2019.

Gealladh don chiste €20 milliún i mBuiséad 2019 chun smaointe a thástáil agus a scálú ina léirítear spriocanna Sláintecare - an cúram ceart, a sholáthraítear san áit cheart agus ag an am ceart.

Ag labhairt ag seoladh an Chiste Lánpháirtíochta, dúirt an tAire Harris:

“Príomheiseamláirí iad tionscadail rathúla Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare den bhealach is féidir le smaoineamh nuálach athrú bríoch agus fadtréimhseach a bhaint amach don chúram sláinte agus sóisialta in Éirinn.

“Léiríonn na tionscadail seo conas is féidir le smaointeoireacht chomhleanúnach agus oibriú i gcomhpháirtíocht cabhrú linn spriocanna Sláintecare a bhaint amach ina n-aistrítear tromlach an chúraim go dtí an pobal, ina laghdaítear liostaí feithimh agus ina gcuirtear feabhas ar eispéiris d’othair agus don fhoireann ar fud an chórais sláinte agus chúraim shóisialta in Éirinn.

“Táim ag tnúth le torthaí na dtionscadal seo a fheiceáil agus conas is féidir iad a scálú aníos."

Tá na tionscadail rathúla i mbreis agus 100 láthair fud fad na tíre. Idir ospidéil, grúpaí ospidéal, Eagraíochtaí Sláinte Pobail, Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha, Ollscoileanna agus Ionaid Chúraim Phríomhúil atá i gcomhpháirtithe an tionscadail.

Soláthrófar go leor tionscadail rathúla i gcomhpháirtíocht idir ospidéil agus eagraíochtaí pobail a leagann béim ar chúram comhtháite agus ar chúram a aistriú chuig an bpobal.

Rinne an tAire an fógra in Ionad Acmhainní Teaghlaigh Aontaithe Ghrúpaí Fatima, ar éirigh lena dtionscadal “Tionscadal Oideasaithe Shóisialta Bhaile Átha Cliath 8”. Neartóidh an tionscadal na naisc leis na cleachtóirí reatha cúraim sláinte i seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta, déanfaidh sé cláir phobail a fhairsingiú a fhreagraíonn do riachtanais daoine laistigh den cheantar a phléann le saincheisteanna ar nós struis agus imní, aclaíochta agus bia sláintiúil, oideachais, agus imeascadh sóisialta.

Déanfaidh an tionscadal meastóireacht chuimsitheach freisin a léiríonn an gá atá le hoideasú sóisialta ar bhonn náisiúnta.

Beidh eolas breise ar na tionscadail ar fáil a luaithe a tugadh conarthaí do na tionscadal go léir chun críche. Coimeád súil ar ár gcuntas Twitter agus ar ár Item was unpublished or removed chun teacht ar nuashonruithe.

List of successful projects for the Sláintecare Integration Fund
Successful applicants for the €20 million Sláintecare Integration Fund.
Amharc amharc
Map of Sláintecare Integration Fund projects
Amharc amharc

Limistéir Sláinte Réigiúnacha

Íomhá: Léarscáil sláinte

Fógraíodh céim mhór chun cinn i dtreo ár seirbhísí sláinte a athstruchtúrú an 17 Iúil 2019. Déanfaidh an t-athstruchtúrú seo sé chomhlacht nua réigiúnacha sláinte a bhunú, i ndeireadh na dála, a bheidh freagrach as cúram sláinte agus sóisialta a phleanáil agus a sholáthar ina réigiúin.

Tá na limistéir shláinte réigiúnacha nua ar aon dul le moltaí a rinne i dTuarascáil Sláintecare Choiste an Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí (2017), gur cheart go mbeadh comhlachtaí réigiúnacha freagrach as seirbhísí comhtháite sláinte agus cúraim shóisialta a phleanáil agus a sholáthar.

Tá na sé limistéar sláinte réigiúnacha a bheartaítear bunaithe ar shonraí daonra, conas a bhíonn teacht ag daoine faoi láthair ar sheirbhísí sláinte, agus ar chomhairliúchán poiblí san áireamh.

Cuirfidh an cur chuige daonrabhunaithe seo ar ár gcumas glór na ndaoine i ngach réigiún a chloisteáil agus a chinntiú go leagtar béim ar bhreoiteacht a chosc, daoine a choimeád sláintiúil ina dtithe féin nó i ngar dóibh ar feadh chomh fada agus is féidir agus a chinntiú go bhfuil sárchúram ospidéil ar fáil ar bhealach tráthúil, nuair is gá.

Cé go leanfaidh FSS de bheith ar an bhfeidhmeannacht lárnach atá freagrach as pleanáil agus straitéis, beidh neamhspleáchas níos mó ag réigiúin sláinte chun cinntí a dhéanamh ar leibhéal áitiúil mar gheall ar athstruchtúrú. Beidh a mbuiséad féin ag comhlachtaí sláinte réigiúnacha bunaithe ar riachtanais daonra áitiúil. Cumasóidh seo cúram sláinte agus sóisialta atá duinelárnach a sholáthar agus tacóidh sé freisin le cuntasacht agus trédhearcacht fheabhsaithe.

Is féidir an phreaseisiúint a léamh anseo.

Amhairc ar léarscáil de na limistéir shláinte réigiúnacha nua anseo